Naomh Cuán
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 7 haois |
| Bás | 752 (Féilire Ghréagóra) |
| Ab | |
| | |
Ab Éireannach ba ea Naomh Cuán (a d’éag 752) a bhunaigh go leor eaglaisí agus mainistreacha in Éirinn. Mhair sé go raibh beagnach céad slánaithe aige. Is beag eolas atá air, ach luaitear é in Annála Inis Faithlinn (I787.1): “Cúán, abb Imblecha Ibair, quieuit.”[1] Is tobar naofa a bhaineann leis é Tobar Chuáin i ngar d'Áth Eascrach i gContae na Gaillimhe. Is é 1 Eanáir a fhéile.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Annála Inis Faithlinn". Dáta rochtana: 2024-10-09.
- ↑ January 1. Latin Saints of the Orthodox Patriarchate of Rome.