Núiméan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I gcúrsaí fealsúnachta, imeacht nó oibiacht atá leagtha síos is ea núiméan agus é beag beann ar bhraistint nó ar chéadfaí an duine.[1] Is iondúil go mbaintear feidhm as an téarma i gcontrárthacht leis an téarma feiniméan nó i dtaca leis. Cheap Immanuel Kant coincheap an núiméin mar chuid dá idéalachas tarchéimniúil agus é á thabhairt le fios go bhfuil a fhios againn go bhfuil an saol núiméanach ann toisc nach bhfuil sa chéadfacht dhaonna ach rud gabhálach, ach nach bhfuil an saol úd féin inchéadfaithe agus dá bhrí sin nach féidir linn dul amach air.[2]

I bhfealsúnacht Kant, is minic an núiméan dofhiosaithe á shamhlú leis an “rud (dofhiosaithe) ann féin”. Ach i saothar Kant ní léir cén gaol atá idir an dá rud seo, agus is ábhar díospóireachta ag scoláirí Kant fós é.

Deir Kant go bhfuil cumas tuisceana an duine ag brath ar chatagóirí tuisceana a bhí san intinn roimh an eispéireas agus a ligeann dúinn rudaí amuigh a mhothú mar mhacasamhail d’acmhainní réasúnacha na hintinne.[3][4] Nuair a bhaintear feidhm as coincheap chun cuntas a thabhairt ar “núiméin” (na rudaí atá i gceist agus oibriú an tsaoil á fhiosrú), is amhlaidh go dtugtar cuntas ar “fheiniméin” (léiriú inbhraite na rudaí sin). Leag Kant síos modhanna a úsáideann an tuiscint dhaonna chun ciall a bhaint as feiniméin agus iad a iomasú i dtreo go nochtann siad don intinn: an aeistéitic tharchéimniúil, an anailitic tharchéimniúil, an loighic tharchéimniúil agus an déaduchtú tarchéimniúil.[5][6][7]

I dteannta a chéile, is iad catagóirí tuisceana Kant prionsabail na hintinne gur gá dúinn a chur i bhfeidhm agus sinn ag iarraidh dul amach ar an saol ina bhfuilimid beo (i.e. chun “rudaí iontu féin” a thuiscint). Baineann an focal “tarchéimniúil” leis an dóigh a gcaithfidh an intinn dul amach ar fhoirm na bhfeiniméan. Is féidir linn ciall a bhaint as feiniméin ach ní thig linn eolas a fháil ar “rudaí iontu féin,” oibiachtaí agus dinimiciúlacht an tsaoil nádúrtha ar núiméin iad.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Noumenon | Definition of Noumenon by Webster's Online Dictionary". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-09-28. Dáta rochtana: 2022-12-26. “1. intellectual conception of a thing as it is in itself, not as it is known through perception; 2. The of-itself-unknown and unknowable rational object, or thing-in-itself, which is distinguished from the phenomenon through which it is apprehended by the physical senses, and by which it is interpreted and understood; – so used in the philosophy of Kant and his followers.”
  2. "noumenon | philosophy". Encyclopedia Britannica (in Béarla). Aisghafa 2017-09-04.
  3. Hanna, Robert (2009). Completing the Picture of Kant's Metaphysics of Judgment. Stanford Encyclopedia of Philosophy.
  4. Stanford Encyclopedia of Philosophy on Kant's metaphysics.
  5. The Encyclopedia of Philosophy (Macmillan, 1967, 1996) Volume 4, "Kant, Immanuel", section on "Critique of Pure Reason: Theme and Preliminaries", p. 308 ff.
  6. The Encyclopedia of Philosophy (Macmillan, 1967, 1996) Volume 4, "Kant, Immanuel", section on "Transcendental Aesthetic", p. 310 ff.
  7. The Encyclopedia of Philosophy (Macmillan, 1967, 1996) Volume 4, "Kant, Immanuel", section on "Pure Concepts of the Understanding", p. 311 ff.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Catagoir:Fealsúna Gearmánacha