Muileann Dháibhidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Muileann-Gaidh)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMuileann Dháibhidh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°56′30″N 4°19′10″W / 55.9417°N 4.3194°W / 55.9417; -4.3194
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainSiorrachd Dhún Bhreatainn an Ear Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán12,795 (2001) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistG62 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama

Is baile é Muileann DháibhidhMuileann-Ghaidh (Béarla: Milngavie) in Oirthear Dhún Bhreatainn an Ear, Albain. Tá sé suite ar an Abhainn Allander, ar an imeall thiar thuaidh de Mhórcheantar Ghlaschú, thart ar 9.7 km ó lár na cathrach. Tá sé cóngarach don bhaile Cille Phádraig Úr.

Is lonnaíocht comaitéirí é Muileann Dhaibhidh, le cuid mhaith dá daonra oibre ag taisteal chuig Glaschú le bheith ag obair nó ag staidéar. Freastalaíonn Stáisiún Iarnróid Mhuileann Dhaibhidh ar Líne an Chluaid-Thuaidh de chuid na comhpháirtíochta, an gréasán iarnróid SPT, a nascann é le Glaschú Lár. Tá an-tóir ar an bhaile freisin ag seanóirí a bhíonn scortha. Thug daonáireamh na bliana 2001 le fios go raibh 12,795 duine ag maireachtáil ann i i 5,256 teaghlach.