Muc-sheilche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I mbéaloideas na hAlban, is ollphéist locha í an mhuc-sheilchemuc-sheilch[1] (Gaeilge na hÉireann: muc thurtair). Deirtear go bhfuil sí ina cónaí i Loch Ma-Ruibhe, agus sna lochanna sa cheantar máguaird.

Sna 1850idí, rinne fear as Leitir Iù darbh ainm Banks iarracht Loch na Bèiste, i ngar don Allt Beithe, a dhraenáil ar chostas mór, ach níor éirigh leis. Rinne sé iarracht freisin an loch a nimhiú le haol beo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Michael Bauer. “Gaelic Dictionary” (gd). Am Faclair Beag. Dáta rochtana: 2024-04-16.