Jump to content

Montáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Montáiste)
feirm ghaoithe[1]

In eagarthóireacht scannán, is éard atá i gceist le montáis (Béarla: montage) ná cnuasach seatanna a chuirtear le chéile ar mhaithe le spás, am agus eolas a bhrú isteach in achar gairid. Athraíonn sraith íomhánna (nó físeanna) go tapa, go minic tuaslagann siad ina chéile nó bíonn siad forluite ar a chéile chun éifeacht dhrámata a bhaint amach.[2] Cuireann montáis cuimhní cinn carachtair in iúl nó meabhraíonn siad cuid d'imeachtaí an scannáin don lucht féachana.

Mar shampla, sa scannán An Cailín Ciúin, ag deireadh an scannáin, nuair a ritheann Cáit síos an ascaill i ndiaidh charr na gCinnsealach, cuirtear na radhairc, agus móitífeanna eile, os ár gcomhair, ceann i ndiaidh a chéile, ina montáis.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. IFI (2022). "Treoir / Staidéar".
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.