Monrovia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Monrovia

Is é Monrovia príomhchathair na Libéire agus an chathair is mó sa tír. Tá sé suite ar Rinn Mesurado ar chósta Atlantach na hAfraice Thiar. De réir Daonáireamh na bliana 2008 bhí 1,010,970 duine ina gcónaí sa chathair.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Monrovia faoi choimirce an Chumainn Mheiriceánaigh Choilínithe ar 7 Eanáir 1822. Chuir an cumann lonnaíocht ar bun ar an Oileán Bushrod in aice Rinn Mesurado. Thosaigh daoine a cur fúthu i ndáiríre ansin sa bhliain 1824. Idir 1822 agus neamhspleáchas na tíre sa bhliain 1847, tháinig breis is 15,000 duine gorm, saor nó saortha, ó na Stáit Aontaithe agus 3,198 duine saortha ó oileáin Mhuir Chairib go Monrovia. Ainmníodh Monrovia i ndiaidh James Monroe, 5ú huachtarán na Stát Aontaithe, a thug tacaíocht thábhachtach don chumann.

Paráid i Monrovia, am éigin san 19ú céad

D'ionsaigh fomhuireán Gearmánach Monrovia sa bhliain 1918 agus chuir sé an t-aon long ag cabhlach na Libéire go poll an bhá. Scaoil sé mórtair freisin ag iarraidh stáisiúin raidió agus teileagrafaíochta a scriosadh. Tháinig long Briotanach a chuir ruaig ar na Gearmánaigh.

D'fhulaing an chathair go géar le linn na cogaidh chathartha sa Libéir (1989–1997 agus 1999–2003). Fuair timpeall is 1,000 sibhialtach bás le linn Léigear Monrovia sa bhliain 2003.