Monatóir (ríomhaireacht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Monatóir LCD

Is é an monatóir (nó níos foirmeálta, aonad fístaispeána) an príomhghléas aschuir a bhíonn ag ríomhaire. Ar feadh na mblianta, bhíodh monatóirí bunaithe ar an dteicneolaíocht feadán ga‑chatóideach (CRT). Cé go bhfuil siad seo in úsáid fós, tá formhór na gceann nua bunaithe ar theicneolaíocht an LCD (taispeáint leachtchriostail). Tá siad seo in úsáid i ríomhairí glúine ar feadh na mblianta ach is iad an gnáthrogha le ríomhairí deisce anois de bharr titim i gcostais déantúsaíochta agus go mbíonn níos lú spáis agus níos lú cumhachta ag teastáil uathu.