Moirféim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is moirféim ann ná an t-aonad is lú i dteanga a bhfuil aistriúchán séimeantach ag baint leis.

Sampla ón nGaeilge: Tá dhá mhoirféim san fhocal "glanann", "glan" moirféim shaor, agus "-ann" moirféim nasctha.

Sa moirfeolaíocht, tá ceithre shaghas moirféimí ann:

  • Moirféim shaor: is féidir leis a bheith in a aonar agus ciall séimeantach ann. M.sh.: "múin" sa focail "múinteoir". Freisin, is féidir leo a bheith nasctha le léacsaeim eile.
  • Moirféim nasctha: ní fhágtar an mhoirféim seo ach amháin nasctha le léacsaeim eile, mar shampla, an "il" in "ildaite". Go hiondúil, is réimíreanna agus iarmhíreanna iad.
  • Moirféim infleicseach: athraíonn na moirféimeanna seo an tuiseal, uimhir, inscne, agus araile, an fhocail atá i gceist. Mar shampla: an "bh" in "ár bhfuinneog".
  • Moirféim dhíorthach: Is é an mhoirféim seo an cineál a déhanann focail nua as focail eile. Mar shampla: an "-ach" in "áthasach".

Feic freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]