Micheál Ó hIceadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Micheál Ó hIcí)
Infotaula de personaMicheál Ó hIceadha

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Márta 1860
An Charraig Bheag Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Samhain 1916
56 bliana d'aois
Port Lách Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach

Mícheál Ó hIcí (Michael O'Hickey) (12 Márta 1860 – 19 Samhain 1916), sagart Caitliceach Gaelach agus iar-Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Mhaigh Nuad.[1] An fear a bhuaigh an feachtas chun ábhar riachtanach chun staidéar in Ollscoil na hÉireann a dhéanamh den Ghaeilge. Bhris na heaspaig as a phost mar ollamh é i 1909, i ngeall ar a thacaíocht láidir don Ghaeilge mar ábhar riachtanach.[2]

Nuair a briseadh as an ollscoil é, músclaíodh an oiread sin tacaíochta don Ghaeilge i bpobal na hÉireann gur thacaigh na comhairlí contae leis an nGaeilge riachtanach, agus dhein coinníoll de chun go bhfaigheadh an ollscoil nua aon tacaíocht airgeadais uathu. Ghéill an ollscoil i 1909, agus deineadh ábhar riachtanach den Ghaeilge ón mbliain 1913 amach. Fuair sé tacaíocht leis óna chomhghleacaí in Ollscoil Mhaigh Nuad, an tOllamh le Diagacht, Uaitéar Mac Domhnaill.[3]

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Irish in the schools, Ó hIcí, Micheál P., Gaelic League, 1900.
  • The nationalisation of Irish education Rev. M.P. O'Hickey, Gaelic League, 1902.
  • An Irish university, or else Michael P. O'Hickey, Gill & Sons, BÁC, 1909.
  • Language and Nationality O'Hickey, Rev. Michael.(Réamhrá le Douglas Hyde) Waterford News, 1918.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó hICEADHA, Micheál (1861–1916) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. An tAthair Mícheál P. Ó hIceadha, leis an Monsignor Eric Mac Fhinn. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath, 1974. Drums under the Windows by Sean O'Casey, The Third Volume of O'Casey's memoirs, The Macmillan Company (New York 1950)
  3. Catholic Churchmen and the Celtic Revival in Ireland, 1848–1916 By Kevin Collins. Dublin: Four Courts Press, 2004. Pp. 203.