MediaWiki:Uploadtext

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

STOP! Sula ndéanann tú uaslódáil anseo, bí cinnte go léann tú an polasaí úsáide íomhá atá ag Vicipéid agus go nglacann tú leis.

Má tá comhad ann cheana leis an ainm céanna leis an gcomhad nua, cuirfear an comhad nua in áit an tseanchomhaid gan fógra. Mar sin, is fiú féachaint an bhfuil comhad leis an ainm céanna ann cheana féin.

Le breathnú nó cuardach a dhéanamh ar íomhánna a uaslódáladh cheana féin, téigh go dtí an liosta íomhánna uaslódáilte. Liostáiltear na comhaid a uaslódáladh agus a scriosadh ar an liosta uaslódála.

Bain úsáid as an bhfoirm thíos chun íomhá nó comhad nua a uaslódáil. Is féidir leat na híomhánna a úsáid i do chuid alt. Ar an gcuid is mó de na brabhsálaithe, feicfidh tú cnaipe "Brabhsáil..." nó rud éigin mar sin. Nuair a bhrúnn tú ar an gcnaipe seo, osclófar bosca dialóige a ligeann duit an comhad atá le huaslódáil a roghnú. Nuair a roghnaíonn tú comhad, líonfar ainm an chomhaid sa téacsbhosca in aice leis an gcnaipe. Is gá dearbhú nach bhfuil tú ag sárú aon chóipcheart leis an uaslódáil seo trí chliceáil sa bhosca beag. Cliceáil ar an gcnaipe "Uaslódáil comhad" chun an uaslódáil a chríochnú. Muna bhfuil nasc Idirlín tapaidh agat, d'fhéadfadh sé seo roinnt ama a thógáil.

Is iad na formáidí inmholta ná JPEG d'íomhánna fótaghrafacha, PNG do líníochtaí agus léaráidí, agus OGG d'fhuaimeanna. Ainmnigh do chuid comhad i mbealach ciallmhar a thugann barúil faoi inneachar na gcomhad - le cabhrú le húsáideoirí eile. Le íomhá a chur in alt, úsáid nasc mar seo:

Íomhá:Comhad.jpgtéacs eile, nó Meán:comhad.ogg d'fhuaimeanna.

Is féidir le húsáideoirí eile do chuid comhad uaslódáilte a athrú nó a scriosadh, má shíltear go bhfuil sé seo chun leasa na ciclipéide. Má bhaintear mí-úsáid as an gcóras seo d'fhéadfaí úsáideoir a chosc.