Mbabane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sráid i lár Mbabane

Is é Mbabane (SaSuatais (SiSwati): ÉMbábáne) príomhchathair na Suasalainne agus an chathair is mó sa tír. Tá Mbabane suite in iarthar na tíre ar an Abhainn Mbabane agus ar an Abhainn Polinjane, craobhabhainn den Mbabane. Is é Mbabane príomhchathair an cheantair Hhohho. Is é 1,243 méadar os cionn na farraige a airde mheánach. Tá Mbabane ar an mbóthar náisiúnta MR3. Bhí 94,874 duine ina gcónaí sa tír de réir meastacháin sa bhliain 2010.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

D'fhás an baile i ndiaidh oifigí riaracháin na tíre a aistriú ann ó Bremersdorp (inniu Manzini) sa bhliain 1902. Tá an chathair ainmnithe i ndiaidh, Mbabane Kunene, taoiseach a raibh cónaí air sa cheantar nuair a tháinig na Briotanaigh den chéad uair. Sa bhliain 1987 measadh 30,000 duine a bheith ina gcónaí ann.[1]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Whitaker's Almamack; 1988

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]