Mastóidíteas
| Cineál | athlasadh na gcnámh, middle ear disease (en) |
|---|---|
| Speisialtacht leighis | ota-laraingeolaíocht |
| Pataigineas | |
| Suíomh | cluas láir |
| Aicmiú | |
| ICD-11 | AB11.3 |
| ICD-10 | H70.9 agus H70.90 |
| ICD-9 | 383.9 |
| Acmhainní seachtracha | |
| DiseasesDB | 22479 |
| MedlinePlus | 001034 |
| eMedicine | 2056657 agus 966099 |
| Patient UK | Mastoid-and-Mastoiditis |
| MeSH | D008417 |
| UMLS CUI | C0024904 |
| DOID | DOID:0060322 |
Ionfhabhtú i gcnámh na huisinne is ea an mhastóidíteas. Tá meall, nó cnap, sa chnámh siar ón gcluas ar a dtugtar an “mhastóid”. Tá spásanna sa mheall cnáimhe sin a bhfuil aer iontu agus is ansin a bhíonn an t-ionfhabhtú. De ghnáth tarlaíonn an mhastóidíteas nuair nach gcuirtear cóir cheart ar an otitis media, ionfhabhtú sa chluas láir.
Cógais, máinliacht nó an dá rud le chéile an chóir leighis a chuirtear ar dhuine an a bhfuil an mhastóidíteas air nó uirthi. Le forbairt na gcógas frithbheathach tá an galar seo éirithe gann i dtíortha forbartha an domhain. Gan chúram leighis, thig leis an ionfhabhtú leathadh isteach i gcodanna eile in aice chnámh na huinsinne, an inchinn san áireamh, agus bíonn fadhbanna troma ann dá bharr sin. Is galar marfach pianmhar í an mhastóidíteas gan chúram. Bhíodh an mhastóidítis ar cheann de phríomhchúiseanna an bháis i measc páistí. Thig leis an galar corrdhuine fásta a bhualadh freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |