Maseru

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMaseru

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 29°19′S 27°29′E / 29.31°S 27.48°E / -29.31; 27.48
Stát ceannasachLeosóta
District of Lesotho (en) AistrighMaseru District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán343,541 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,489.43 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla138 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Caledon Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1,600 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1869
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is é Maseru príomhchathair Leosóta i ndeisceart na hAfraice. Is é an chathair is mó sa tír. Tá Maseru suite in iarthuaisceart na tíre. Sa bhliain 2006 bhí 227,880 duine ina gcónaí ann.

Tá Maseru ar an abhainn Caledon (nó Mohokare) ar an teorainn leis an Afraic Theas. Tá droichead idir an chathair agus an Afraic Theas. Tá Maseru 1,600 méadar (5,200 troigh) os cionn cothrom farraige, agus tá aeráid fhothrópaiceach ardchríche (Cwb de réir catagórú aeráide Köppen).

Téann stair Maseru siar go campa beag a chuir póilíní Briotanacha ar bun san 19ú haois. Nuair a ghabh na Briotanaigh seilbh ar an tír amach is amach sa bhliain 1869, chuir siad a bpríomhbhaile riaracháin ar siúl san áit chéanna. Nuair a bhain Leosóta neamhspleáchas amach arís sa bhliain 1966, lean Maseru mar phríomhchathair na tíre.

"Gaineamhchlocha dearga" an chiall le Maseru i Súitis, teanga Leosóta. Tá 100 bean ar gach 83 fear sa chathair.