Martin O'Malley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Martin O'Malley
Martin O'Malley 2010.jpg
Mayor of Baltimore (en) Aistrigh

Nollaig 7, 1999 - Eanáir 17, 2007
Gobharnóir Maryland

Eanáir 17, 2007 - Eanáir 21, 2015
Bob Ehrlich - Larry Hogan (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánMartin Joseph O'Malley
Eolas breitheWashington, D.C., 18 Eanáir 1963 (60 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaitheBaltimore, Maryland
Teanga dhúchaisan Béarla
Muintir
AthairThomas Martin O'Malley
MáthairBarbara O'Malley
Céile/CéilíKatie O'Malley (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materOllscoil Chaitliceach Mheiriceá
Our Lady of Lourdes Catholic School (en) Aistrigh
Gonzaga College High School (en) Aistrigh
University of Maryland Francis King Carey School of Law (en) Aistrigh
Ollscoil Maryland, Baltimore
Leibhéal oideachaisdochtúireacht faoi dlí-eolaíocht
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmdlíodóir, polaiteoir, amhránaí, giotáraí, bainseóí agus international forum participant (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíneceol Ceilteach
Uirlis cheoilbainseó
giotár
ceol gutha
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Daonlathach
IMDbnm1432947
martinomalley.com
Instagrammartinomalley
TwitterMartinOMalley
Martin O'Malley Signature.svg

Polaiteoir Meiriceánach is ea Martin Joseph O'Malley, a rugadh i Washington, D.C. ar 18 Eanáir 1963. Ball den Pháirtí Daonlathach atá ann. Bhí sé ina ghobharnóir ar Maryland (2007–2015) agus roimhe sin ina mhéara ar Baltimore (1999–2007). Ar 30 Bealtaine 2015, d'fhógair sé go raibh sé ag iarraidh ainmniúcháin an Pháirtí Dhaonlathaigh a fháil sa todhchán uachtaránachta sa bhliain 2016.

Bíonn seasamh liobrálach aige maidir le ceisteanna polaitiúla.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Martin O'Malley ar 19 Eanáir 1963 i Washington, D.C., do Barbara (née Suelzer) agus Thomas Martin O'Malley. Dlíodóir cosanta ab ea Thomas i gContae Montgomery, Maryland, agus ansin leas aturnae do na Stáit Aontaithe i gCeantar Columbia. Tá Martin de shliocht Éireannach ar thaobh a athar agus de shliocht Éireannach, Ghearmánach, Dhúitseach agus Albanach ar thaobh a mháthar. Throid duine dá shinsear i gCogadh na Bliana 1812.

D'fhreastail O'Malley ar Our Lady of Lourdes School i mBethesda agus Gonzaga College High School. Chuaigh sé ina dhiaidh sin go hOllscoil Chaitliceach Mheiriceá mar ar bhain sé céim bhaitsiléara amach sa bhliain 1985. Bronnadh céim Juris Doctor air sa bhliain 1988 i Scoil Dlí Ollscoil Maryland.