Jump to content

Marbh-bhreith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lua error in Module:Global_infobox_tools at line 1107: attempt to perform arithmetic on local 'p' (a nil value). In Éirinn, má rugadh do leanbh tar éis 24 seachtaine iompair (nó má tá meáchan do leanbh níos mó ná 500 gram) agus gan cosúlacht ar bith air go raibh sé beo, tugtar marbh-bhreith air seo.[1]

Nuair nach maireann naíonán ach ar feadh cúpa uair an chloig nó cúpla lá tar éis a bhreithe/breithe, tugtar 'bás nuabheirthe' ar a mbás.

ráta na marbh-bhreitheanna i Sasana agus sa Bhreatain Bhig
reilig na suthanna in Haifa, Iosrael

Is féidir le marbh-bhreith tarlú ar chúiseanna éagsúla, ach uaireanta ní fios cén chúis a bhíonn léi. Mar gheall air seo, d'fhéadfaí go n-iarrfaí ort toiliú le scrúdú iarbháis.[1]

Tá máithreacha linbh a rugadh marbh in Éirinn i dteideal 26 seachtaine saoire mháithreachais, agus i dteideal Sochar Máithreachais chomh maith má shásaíonn siad na ceanglais árachais shóisialaigh (ÁSPC). Tá an tuismitheoir eile i dteideal coicís saoire atharthachta a ghlacadh freisin (agus coicís Sochar Atharthachta má tá dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh, nó ÁSPC, déanta acu).

Is féidir teastas marbh-bhreithe[2] a fháil in Éirinn.[3]

Téigh chuig láithreán gréasáin Pregnancy and Infant Loss Ireland[4] le haghaidh:

  • Sonraí teagmhála le haghaidh seirbhísí tacaíochta méala i do cheantar áitiúil
  • Bileoga eolais faoi chailleadh toirchis agus marbh-bhreith

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Citizensinformation.ie. "Brón Báis agus Breith Linbh" (ga-IE). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-03-06.
  2. ↑ aois iompair de 24 seachtaine ar a laghad ag an leanbh nó meáchan 500 gram ar a laghad
  3. ↑ Citizensinformation.ie. "Marbh-bhreith a Chlárú" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  4. ↑ "pregnancyandinfantloss.ie/" (en-IE). Pregnancy & Infant Loss Ireland. Dáta rochtana: 2024-02-20.