Maolán (ceimic)
Jump to navigation
Jump to search
Sa cheimic, córas a fheidhmíonn i gcoinne athraithe. De ghnáth, tuaslagán nach n-athraíonn an pH ann nuair a chuirtear beagán d'aigéad nó bun láidir leis. Bíonn sé seo éifeachtach nuair a bhíonn aigéad is a bhun comhchuingreach i láthair, agus na tiúchain ionann is mar an gcéanna. Mar shampla, feidhmíonn aicéatáit (CH3COOH is CH3COO-) go maith mar mhaolán sa raon pH 4-5, carbónáit (H2CO3 is HCO3-) sa raon 6-8, agus amóinia (NH3 is NH4+) sa raon 9-10. Braitheann córais bhitheolaíochta ar mhaoláin go príomha chun luachanna tairiseacha pH a chaomhnú.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |