Manchain-Rac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Stone Roses, An grúpa is móréilimh as Machain-Rac

Saol ceoil agus cultúrtha a d'fhorbair i Manchain, Sasana ag deireadh na 1980idí is ea Manchain-Rac, nó Madchester, a raibh dlúthbhaint aige leis an gceol damhsa indie. Ba é Tony Wilson ó Factory Records a cheap an téarma Madchester i dtús báire, agus chuir preas ceoil na Breataine an téarma i mbéal an phobail go luath sna 1990idí. I measc na ngrúpaí is cáiliúla sa seánra seo, áirítear na Stone Roses, Happy Mondays, Inspiral Carpets, na Charlatans, James agus 808 State. Meastar go forleathan go bhfuil tionchar mór ag drugaí ar Madchester, go háirithe MDMA.