Mais chriticiúil (sochdhinimic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is mais chriticiúil ann ná téarma sochdhinimiciúil a rianaíonn go bhfuil go leor móimintim i gcóras sóisialta ionas gur féidir leis an móiminteam sin a bheith féin-inbhuanaithe agus cruthaítear a thuilleadh fáis. D'fhéadfadh fachtóirí sóisialta tionchar a imirt ar an mhais chriticiúil, a leithéid agus an méid, an idirghaolmhaireacht agus leibhéal na cumarsáide i sochaí nó ceann dá fhochultúir.