Mairearaid nighean Lachlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mairearaid nighean Lachlainn
Saol
Eolas breithe Muilec. 1660
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Bás 1700s
Oideachas
Teangacha Gaeilge na hAlban
Gairm
Gairm scríbhneoir agus file
Gluaiseacht ealaíne filíocht

File i nGaeilge na hAlban ba ea Mairearaid (Maighread) nighean Lachlainn (c. 1660–?). Fuair sí bás am éigin san 18ú haois.

Bhí sí ina cónaí ar Oileán Mhuile, ar thailte chlann Ghill-Eain, agus chum sí amhráin faoin anachain a tháinig ar a muintir de thoradh threascairt thaoisigh chlann Ghill-Eain agus teacht na gCaimbeulach ina n-áit.[1]

Is dócha gurbh fhear de Dhòmhnallach a hathair ach gur bhain a máthair le clann Ghill-Eain. Deir an béaloideas go raibh sí pósta le fear de chlann Ghill-Eain agus go raibh clann mhór acu. Bhí sí ina banaltra ag sé dhuine dhéag de dhaoine uaisle Oileán Mhuile, ach fuair siad bás roimpi, mar a rinne a clann féin. Deirtear gur minic a théadh sí chun uaigh an duine dheireanaigh díobh siúd a bhí oilte aici. Faoin am sin bhí sí an-sean agus í crom dá réir.[1]

Déanann sí tagairt do Bhliain an Phrionsa (éirí amach na Seacaibíteach in 1745) ina cuid filíochta.

Cuid dá filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cha choma leam fhìn co dhiù sin (c. 1698)
  • Dh' fhalbh mo chadal a' smaointinn
  • Gaoir nam ban Muileach (1716)
  • Gun d' fhuair mi sgeul 's chan àicheam e
  • Mo cheist an Leathanach mòdhar

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Black, R. (eag.) (2001). An Lasair: An Anthology of Eighteenth-Century Gaelic Verse. Edinburgh: Birlinn: lgh 60-71