Jump to content

Madra róistín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Madra róistín

Is éard a bhí i gceist le madra róistín ná madra a phóraítí sa Bhreatain chun rith ar roth speisialta a d'úsáidtí chun feoil a chasadh ar bior. De ghnáth, bhíodh cosa gearra agus corp fada orthu. Tá an madra róistín luaite sa leabhar Of English Dogs (1576) faoin ainm “Turnespete”, agus rinne William Bingley cur síos ar mhadra a d'fhostaítí chun cabhrú le cócairí ina Memoirs of British Quadrupeds (1809). San 18ú haois, thug Linnaeus an t-ainm Laidine Canis vertigus air san aicmiú a rinne sé ar mhadraí (úsáideadh an t-ainm céanna ar an mbroc-chú). Níor coimeádadh taifeadtaí ar an bpór toisc nach raibh mórán measa air, agus cailleadh an pór dá bharr sin. Measann saineolaithe áirithe gur chineál Bhrocaire Uí Mháil a bhí ann, ach creideann daoine eile go raibh gaol aige leis an gcorchú.

Tá sampla stuáilte de mhadra róistín ar taispeáint i Músaem Abergafenni sa Bhreatain Bheag.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Wooden case containing Whiskey”. BBC - A History of the World. Dáta rochtana: 10 Samhain 2021.