Jump to content

MV Naomh Éanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó MV Éanna)
Bosca Sonraí SoitheachMV Naomh Éanna
Stair
Ship breaking (en) Aistrigh
2024

Grand Canal Dock (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe teicniúla
Cineállong Cuir in eagar ar Wikidata
Fad137 ft Cuir in eagar ar Wikidata
Cumhacht650 each-chumhacht impiriúil Cuir in eagar ar Wikidata
Luas10 kn Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Uimhir IMO5247093 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba bhád farantóireachta é an MV Naomh Éanna a chaith tríocha bliain ag tabhairt paisinéirí idir Gaillimh agus Árainn. do Chóras Iompair Éireann (CIÉ).[1][2]

Naomh Éanna i nduga uaighe, 2018
díchóimeáil

Tógáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba sa bpríomhchathair a tógadh an Naomh Éanna i 1956-1958 ag Longchlós na Life i mBaile Átha Cliath.[3] Tháinig sé in áit an SS Dún Aengus.[3]

Mar aon le soithí comhchosúla an MV Cill Airne agus a macasamhail cruinn, an MV Blarna (an dá cheann a coimisiúnaíodh i 1961), bhí sí ar cheann de na longa cabhlacha seamaithe[4] deiridh a tógadh san Eoraip agus ar cheann de na longa deiridh a tógadh i Longchlós na Life.[5][6] [3][7] Dúradh go raibh sí neamhghnách, fiú amháin an uair sin – toisc gur tógadh í le cabhail a bhí seamaithe.

Seirbhís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith an Naomh Éanna breis agus tríocha bliain ag imeacht siar agus aniar ó Oileáin Árann go dtí gur cuireadh deireadh lena seirbhís i 1986. Bhíodh trí uair go leith idir 1958-1986 ar an turas as Gaillimh go hInis Mór.

Trí mhí tar éis di dul i mbun seirbhíse idir Gaillimh agus Oileáin Árann, thug sí cúnamh tar éis na timpiste a bhain don eitleán KLM 607 E. Chuaigh an t-eitleán de chuid na hÍsiltíre go tóin poill amuigh san Atlantach tar éis di Aerfort na Sionainne a fhágáil.[2]

Tógadh Naomh Éanna as seirbhís i 1986 [8][9] Nuair a bhí sí fós sábháilte ar an uisce sa mbliain 1989, thosaigh dream a raibh baint acu le spóirt uisce, ag baint úsáid aisti i gcomhair lárionad gnó

Díchoimisiúnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí feachtas a bunaíodh in aisce le blianta le súil an t-árthach a chaomhnú agus a thabhairt ar ais go Gaillimh. Sa mbliain 1989, fuair Iontaobhas Muirí na hÉireann[10] í agus tugadh áit nua chónaithe di i nDuga na Canálach Móire i mBaile Átha Cliath.[11]

Sna 2000idí bhí an an Naomh Éanna faoi úinéireacht NAMA go dtí gur cheannaigh an fear gnó Sam Field-Corbett í. Bhí an fear gnó ag iarraidh go ndéanfaí ceardlann nó óstán ar bord ach níor ghlac Fáilte Éireann ná Comhairle Chathair na Gaillimhe leis na moltaí.[12][13]

Go dtí 2014 bhí sé i gceist go mbeadh an bád mar chroílár “cheathrú mhuirí” i nDuganna na Canálach Móire.[14] Ach faoi 2014 bhí sí ar cheann de na longa Éireannacha is sine a bhí fágtha in Éirinn.[6] I mí Feabhra 2014 bhog Uiscebhealaí Éireann an bád go duga uaighe Dugaí na Canálach Móire le haghaidh díchoimisiúnaithe[15] agus bhí sí ina hábhar do chlár faisnéise teilifíse (a stiúraigh Donncha Mac Con Iomaire ar TG4).[16]

In 2023, chuaigh sí ar a taobh. Dá mba rud é go raibh an t-uisce sa duga grábhála domhain go leor, bheadh sí tite go tóin poill. Ba léir go raibh sí pollta áit éigin thíos fúithi. Bhí caint faoin gcontúirt a bhainfeadh len í a bhriseadh agus a bhaint ó chéile. Faoi dheireadh, sa bhliain 2023-24, briseadh an chreatlach.[1] Rinneadh iarracht aon rud a bhí úsáideach nó a mbeadh cuimhní ag daoine orthu a shábháil. Agus mar sin, cuireadh cloigeann na loinge ar leataobh agus tugadh do chomhlacht Chalafort na Gaillimhe é. Tugadh an deireadh do Chumann Staire na Rinne i mBaile Átha Cliath.[2]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • McNeill, DB (1971). "Irish Passenger Steamship Services - South of Ireland" [Seirbhísí Gaile Paisinéirí Long na hÉireann - Deisceart na hÉireann] (in en): 148, 221. David & Charles. ISBN 0-7153-5248-2. OCLC 877238869. OL OL4054313M. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-08-18). "An Naomh Éanna le briseadh i mBaile Átha Cliath" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 2.2 Mairéad Ní Nuadháin (21 Meitheamh 2024). "Maidin amháin tháinig mé isteach go Duga na Canálach Móire agus ní raibh dé ar an MV Naomh Éanna…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  3. 3.0 3.1 3.2 "Nostalgia for glory days of old island ferry". The Irish Times (1999-03-01). Dáta rochtana: 2020-08-08.
  4. nó ‘riveted’
  5. i mBádchlós na Life nó an an Liffey ShipyardDockyard
  6. 6.0 6.1 Ashmore (2014-09-14). “Progress Underway on Securing Naomh Eanna's Future”. Bailey Publications Ltd. Dáta rochtana: 2020-08-29.
  7. Our History”. MV Cill Airne - The Boat Bar & Restaurant. Dáta rochtana: 1 September 2020.
  8. Naomh Éanna Ferry Service, 1963”. RTÉ Archives (2014-02-11). Dáta rochtana: 2020-08-08.
  9. Ashmore (2014-02-27). “Naom Éanna Given Months Stay of Execution by Seanad Éireann”. Bailey Publications Ltd. Dáta rochtana: 2020-08-29.
  10. Iontaobhas Farraigí na hÉireann nó Irish Nautical Trust
  11. "Hopes for resurrection of Naomh Éanna ‘all but sunk’". Connacht Tribune (2014-04-22). Dáta rochtana: 2020-08-29.
  12. Nuacht RTÉ (2024-02-12). "Sean-bhád farantóireachta An Naomh Éanna scriosta" (as ga). 
  13. Is dócha go raibh dóchas áirithe ann go bhféadfaí í a shábháil agus a dheisiú toisc go ndearnadh an rud céanna le bád eile de chuid an Liffey Dockyard. Tá an MV Cill Airne – bád fartha eile – sábháilte agus ag feidhmiú mar bheár agus mar bhialann ar Abhainn na Life i mBÁC
  14. Siggins (2014-02-10). "Break-up of Aran island ferry for scrap opposed by waterway enthusiasts". The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-08-08.
  15. Brophy (2014-02-22). "Groups outraged at exclusion from 'relevant stakeholders' meeting on ship destruction". TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-08-29.
  16. "Aran Island vessel to be the subject of TG4 documentary". Galway Advertiser (2014-11-06). Dáta rochtana: 2020-08-08.