Jump to content

Fosfaracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Méarnáil)
clog lonrach
cros chéasta ag méarnáil

Is éard is fosfaracht[1] - nó fosfaraíocht - ann ná solas a tháirgtear ag ábhar flosctha ag fuinneamh éigin seachas teas, ina leanann an t-astú solais i ndiaidh don fhoinse a bheith lasctha as. Saghas lonrachta moillithe atá ann. Is féidir go leanfaidh an t-astú ar feadh codán de shoicind nó uaireanta an chloig, ag brath ar an ábhar. Sampla is ea an t-iarbhreo fada a dhéanann scáileán teilifíse nuair a lasctar as é.[2]

Tugtar fosfaracht ar an méarnáil a thagann i substaintí áirithe agus iad tar éis solas nó radaíocht a shú isteach, ach le fírinne, ní fosfaracht den chineál seo atá i gceist le méarnáil an fhosfair bháin, ach ceimealonracht. Is é sin, tá imoibriú ceimiceach ar siúl idir an fosfar agus ocsaigin an aeir - tá an fosfar bán á dhó os íseal, ag déanamh cráindó - agus is é an t-imoibriú sin is cúis leis an loinnir.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, phosphorescence
  2. Hussey, Matt (2011). "Méarnáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 445.