Máirtín Tom Sheáinín
Cuma
(Athsheolta ó Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha)
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | craoltóir, amhránaí |
Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Teangacha | An Ghaeilge |
Is láithreoir raidió agus amhránaí sean-nóis é Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba sa bhliain 1989 a thosaigh Máirtín Tom Sheáinín, as an Sruthán Buí i Leitir Móir, ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i stiúideo Chasla i gConamara.
Thosaigh sé ag cur an tsraith amhránaíochta Casadh an tSúgáin i láthair in 1989.
Bhí an clár Togha agus Rogha, atá ar an aer go fóill, ar cheann de na chéad chláir a bhí faoi chúram an chraoltóra nuacheaptha.
I samhradh na bliana 1998, thosaigh sé i mbun an chláir cainte Maidin Samhraidh,
Chuir sé an clár Ardtráthnóna i láthair ar Raidió na Gaeltachta ó 1998 ar aghaidh, clár a raibh sé ina bhun le 22 bliain anuas.
D'éirigh sé as a phost le Raidió na Gaeltachta in 2020, tar éis 31 bliain.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "RTÉ RnaG ag fágáil slán le Máirtín Tom Sheáinín inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-01.