Máirtín Ó Corrbuí
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Samhain 1912 An Pháirc Bhuí, Éire |
Bás | 8 Bealtaine 2002 89 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Ba scríbhneoir é Máirtín Ó Corrbuí, a rugadh láimh leis an Aonach i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1912.[1] Tar éis dó tamall de bhlianta a chaitheamh i bpost múinteoireachta i gContae Luimnigh, d'aistrigh sé go Baile Átha Cliath. D'fhoilsigh sé breis agus tríocha leabhar. Bhí aithne air mar scríbhneoir staire agus mar scríbhneoir do dhéagóirí. Fuair sé bás sa bhliain 2002.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Máirtín Ó Corrbuí Curtha i gcartlann 2011-01-08 ar an Wayback Machine
DUAISEANNA CHLUB LEABHAR NA SÓISEAR 1968/1969
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na duaiseanna seo á dtairiscint ar bhunleabhair (20-30,000 focal) a scríobhfar d'óg léitheoirí na Gaeilge, buachaillí agus nó cailíní (14-17 bliana d'aois). Tá an comórtas seo roinnte ina dhá chuid : (i) Mion-úrscéalta. Céad duais, £75 ; dara duais, £15. (ii) Ábhar eile, seachas mion-úrscéalta. Céad duais, £75 ; dara duais, £15.
Roinn (i) Duais Aitheantais, £45 : Róisín Nic Dhonnchadha. 25 Bóthar Glas Árd, Baile Átha Cliath, 6. ("Maidhc sa Danmhairg"). Roinn (ii) Duais Aitheantais, £45 : Máirtín Ó Corrbuí, Páilís Chaonraí, Co. Luimnigh. ("An Bheach").
Moltóirí: Caoimhín Ó Marcaigh, M.A., agus Conchubhar Rónáin, M.A.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CORRBUÍ, Máirtín (1912–2002) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |