Máire Rua Nic Mhathúna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Máire Rua Ní Mhathúna)
Infotaula de personaMáire Rua Nic Mhathúna

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1615
Cluain idir Dhá Lá Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1686
70/71 bliana d'aois
Caisleán Dhrom Ólainn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileConchobhar Mac Donncha Ó Briain
Dónal Ó Nialláin
John Cooper Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLiam Ó Nialláin
 ( Dónal Ó Nialláin)
Sláine Ní Bhriain
 ( Conchobhar Mac Donncha Ó Briain)
Donncha Ó Briain, 1ú Bhairnéad
 ( Conchobhar Mac Donncha Ó Briain)
mac anaithnid Ó Briain
 ( Conchobhar Mac Donncha Ó Briain)
Máire Ní Bhriain
 ( Conchobhar Mac Donncha Ó Briain)
Tadhg Ó Briain
 ( Conchobhar Mac Donncha Ó Briain)
Nóra Ní Bhriain
 ( Conchobhar Mac Donncha Ó Briain)
mac anaithnid Ó Briain
 ( Conchobhar Mac Donncha Ó Briain) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairToirdhealbhach Rua Mac Mathúna  agus Máire Ní Bhriain

Bean uasal a phós trí huaire chun tailte a muintire a choinneáil slán ba ea Máire Rua Nic Mhathúna agus clú uirthi mar bhean cheanntréan dhásachtach a bhí in ann an fód a sheasamh.[1] Rugadh í i gChontae an Chláir agus phós Donnchadh Ó Nialláin ó Chaisleán an Dísirt i dtuaisceart Chontae an Chláir. Fuair sé bás in 1639 agus phós sí Conchubhar Ó Briain ó Chaisleán Léim an Eich. Thaobhaigh siad leis an Rí i gcoinne Chromail. Maraíodh an Brianach in 1651, agus phós Máire Rua oifigeach Sasanach, rud a rinne sí chun a tailte a shábháil más fíor. D’fhan sí i gCaisleán Léim an Eich ar feadh breis is scór blianta, go dtí gur aistrigh a mac Donnchadh Ó Briain an teaghlach go dtí Caisleán Dhrom Ólainn, áit ar chónaigh sí go dtí a bás in 1686. Bhí iomrá léi sa bhéaloideas mar dhuine rúndaingean teanntásach.

Portráid de chuid an 17ú haois ó chnuasach Chaisleán Dhrom Ólainn. Deirtear gurb í Máire Rua Nic Mhathúna atá ann.

Beatha luath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh í do Mháire Ní Bhriain, an iníon ab óige de Chonchubhar Ó Briain, 3ú hIarla Thuamhan, agus do Thoirialach Rua Mac Mathúna, tiarna Chluain idir Dhá Lá. Deir béaloideas na mBrianach gur rugadh í san Urlann Mhór, ach b’fhéidir gur ann gur altramaíodh í.

Rinneadh cleamhnas idir í agus an Coirnéal Donnchadh Ó Nialláin, saighdiúir a bhíodh ag troid in arm Shasana i gcogadh na Spáinne, agus phós siad in 1634. Rugadh triúr mac dóibh i gCaisleán an Dísirt, Liam, Donnchadh agus Mícheál.[2][3][4]. Fuair a fear céile bás in 1639 agus d’fhan sí i gceannas na dtailte go dtí gur tháinig Liam i mbun a mhéide.[5]

Caisleán Léim an Eich[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seacht mí i ndiaidh bhás an Niallánaigh, phós Máire Rua a gaol Conchubhar Ó Briain ó Léim an Eich. Thóg siad Caisleán Léim an Eich mar atá sé anois agus an seanchaisleán mar chuid de. Tá inscríbhinn ar an mballa mar a leanas: "This was built in the year of Our Lord 1648 by Conor O'Brien and Mary ní Mahon alias Brien wife to the said Conor". Rugadh ochtar clainne dóibh: Donnchadh, 1ú Bairnéad, a rugadh in 1642,[5], Tadhg, Toirialach, Murchadh, Honóra agus Máire, agus beirt eile a fuair bás, is dócha, den phlá a bhí ar an gceantar le linn léigear Luimnigh (1650-1651).[4]

Caisleán Léim an Eich

Tá scéalta ann faoi dhásacht Mháire Rua agus baineann cuid acu le Caisleán Léim an Eich. Deirtí go gcrochfadh sí searbhóntaí a chuir colg uirthi, gur smachtaigh sí foghlaithe agus gur dhiúltaigh sí ceart slí do dhaoine.[6]

I rith Chogadh na hAon Bhliana Déag bhí Conchubhar i gceannas ceann de na cúig bhuíon áitiúla a rinne ruathar ar chaisleáin lonnaitheoirí ó Shasana agus ón Ísiltír in 1641, agus deirtear gur tháinig Máire Rua leis uaireanta. Luaitear í i dteistíochtaí faoi léigear Chaisleán Bhearna an Toic, áit ar tógadh eallach agus ar maraíodh searbhónta.[7] Dúirt fear darbh ainm Gregory Hickman mar a leanas: "Conor O’Brien, gentleman, in a most rebellious manner seized upon the deponent’s corn"; agus ina dhiaidh sin, "Conor O’Brien, of Lemaneagh, accompanied by Mary Brien [agus daoine eile] with force of arms came to the deponent's house and took away fourteen English swine and a parcel of household stuff; also 400 sheep".[6] Deirtear go ndúirt cuid acu siúd a ndearna ruathar orthu gur “witch” í.[8]

Rinneadh coirnéal marcshlua de Chonchubhar Ó Briain in 1650 in arm Shéarlas II, agus fuair sé bás de thoradh cneánna a fuair sé agus é ag troid le Edmund Ludlow i mbearnas Inis Ghruagáin.[9] Deir scéalta áirithe gur thug a shaighdiúirí féin ar ais go Léim an Eich é agus gur thug Máire Rua aire dó fad is a bhí sé ag saothrú an bháis.[10] Deir scéalta eile gur saighdiúirí de chuid Chromail a thug a chorp ar ais agus gur mhaígh Máire Rua nárbh é sin a fear céile agus gur bhaintreach cheana í, rud a dúirt sí chun nach mbainfí a tailte di.[10] Deir tuairisc a rinne Lady Chatterton in 1839 gur chuir Henry Ireton cúigear de na fir ab fhearr aige chun Conchubhar Ó Briain a lámhach i gcath Inis Ghruagáin agus gur éirigh le duine acu é a lot. Chroch Máire Rua an fear úd, mhol dá chlann mhac géilleadh don namhaid agus chuir chun bóthair ina cóiste go Luimneach.[11] I gcampa Ireton agus gúna gorm síoda agus lása uirthi d’fhógair sí go raibh sí sásta aon duine de na hoifigigh a phósadh.[5] Deir foinsí éigin go ndearna sí é seo chun a chruthú go raibh a fear céile marbh.[6] Deir foinsí eile go ndearna sí é chun a maoin a chosaint.[4]

Tá finscéalta ann a deir an t-ársaitheoir Thomas Johnson Westropp nach bhfuil siad iontaofa agus iad ag iarraidh arracht a dhéanamh de Mháire Rua,[6] ach áitíonn siad gur phós sí idir dháréag agus 25 oifigeach Shasanacha. Deir foinsí béaloidis gurb iad leannáin Mháire Rua a luaitear anseo.[12] Maíonn scéalta dá leithéid go maraíodh sí an fear tar éis an phósta nó babhta bradaíola agus gur mharaigh sí duine acu le cic sa bholg.[13] Deir finscéal amháin gur thug sí dúshlán fir áitiúil a raibh sí in aighneas leis dul go hAillte an Mhothair ar mhuin a staile daille fiáine le súil go marófaí é. Cuireann an béaloideasaí Máire MacNeill in iúl go bhfuil scéalta dá leithéid cosúil le seanscéalta Éireannacha faoin mbandia flaitheasach.[5] Deir scéalta eile go raibh dháréag nó cúig fhear is fiche aici in éide mná agus gur chroch sí as coirbéil Chaisleán Léim an Eich iad. Deirtear freisin gur ghearr sí cáin bhealaigh ar dhaoine a bhí ag dul thart nó ar fhoghlaithe.[14]

Deir na cáipéisí gur achainigh Máire Rua, tar éis bhás a fir chéile, ar an bhFear Ionaid Uileag de Búrca, 1ú Marcas Chlann Riocaird, go ndéanfaí caomhnóir thailte Uí Bhriain di. Choinnigh sí na tailte sin ar son a clainne, ach chaill sí Caisleán Léim an Eich agus rinneadh garastún Sasanach de.[14]

Deireadh beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi 1653 tá sí luaite i gcuntas ar ghnó talaimh mar bhean seanoifigigh Shasanaigh, an Fear Coirnéid John Cooper, amhantraí agus fiontraí a d’fhéadfadh cónaí léi i Luimneach.[14] Ina dhiaidh sin bhí ina cónaí le gaolta de Bhrianach i gCaisleán Inse Uí Bhriain agus d’fhill sí ar Léim an Eich i rith Athchur na Seacaibíteach.[13] Síltear go raibh mac ag an lánúin darbh ainm Harry, agus b’fhéidir iníon.[4] Deirtí gurbh é Cooper a maraíodh le cic sa bholg,[5] ach de réir na bhfoinsí bhí siad pósta go bás Mháire Rua, cé gur dócha go raibh siad ina gcónaí in áiteanna difriúla.[4][15]

Ba Chaitliceach fós í, cé go mbíodh sí ag freastal ar sheirbhís Phrotastúnach. Deirtear go ndearna sí achrann leis an ministir áitiúil agus gur thóg sí Séipéal an Chomhaid, áit a dtéadh sí ar aifreann ina dhiaidh sin chun fearg a chur ar an ministir agus chun a thaispeáint go raibh cead a cinn aici.[11] D’fhág sí mám airgid ag Mainistir na hInse agus ag Mainistir Chuinche.[16]

In 1662 díotáladh Máire Rua as tiarna talún Sasanach a dhúnmharú, rud a bhain le buíonta creiche an Bhrianaigh go luath sna 1640idí.[4] Fuair sí pardún ón Rí in 1664,[4][5] ach chuaigh an triail ar aghaidh agus scríobh sí in 1665 i dtaobh a cruacháis thall ("my extremitie & troubles in England").[5] D’aistrigh a mac Donnchadh a theaghlach go Caisleán Dhrom Ólainn sna 1680idí, agus d’fhan sí ann go deireadh a shaoil.[4]

Bás agus finscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir na scéalta go bhfuair sí bás neamhchoitianta. Deir finscéal amháin gur cuireadh isteach i gcrann cuasach í[6] agus deir finscéal eile gur caitheadh as an diallait í agus isteach i ngabhal crainn mar ar tachtadh í.[5] Deirtear freisin gur crochadh í lena cuid gruaige féin as crann i gCoill Thamhnaí, áit a siúlann sí ina sprid.

Chuir sí a lámh le huacht ar an 7 Meitheamh 1686 agus í os cionn seachtó bliain, nuair a bhí an tsláinte go dona aici. D’iarr sí go gcuirfí í i Mainistir na hInse. Níl aon leacht ann ach is dócha go bhfuil sí curtha ann in aice le Conchubhar Ó Briain].[5] Deirtear freisin go bhfuil sí curtha ag Séipéal an Chomhaid i bparóiste Chill Iníne Baoith, in éineacht le beirt iníonacha léi.[4]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Costume in County Clare".
  2. "Leamaneh Castle". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Bealtaine 2021. Dáta rochtana: 13 Eanáir 2022.
  3. "MacMahon, MacMathúna".
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 4.6 4.7 4.8 Clare Library.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 5.7 5.8 Murphy 2009.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 Westropp 1900, p. 60.
  7. Maureen Murphy, “O'Brien, Máire (‘Máire Rua’),” National Dictionary of Biography, (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/legalcode): https://www.dib.ie/biography/obrien-maire-maire-rua-a6484
  8. Curran 2005: "Some of these attacks were allegedly led by Máire Rua herself and [..] she had many enemies [..] happy to perpetuate the witchcraft legend"
  9. Hanley 1991, p. 24.
  10. 10.0 10.1 Hanley 1991, p. 25.
  11. 11.0 11.1 "The Burren: Legends of Maire Rua".
  12. Hanley 1991, p. 27: "tradition says that she had several other friendships [..] from time to time, and that whenever she wanted to rid herself of an unwanted one, hanging him from the castle turret was an easy matter"
  13. 13.0 13.1 Hanley 1991.
  14. 14.0 14.1 14.2 Maureen Murphy, “O'Brien, Máire (‘Máire Rua’),” Dictionary of National Biography (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/legalcode): https://www.dib.ie/biography/obrien-maire-maire-rua-a6484
  15. McInerney 2018, p. 98.
  16. National Library of Ireland.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]