Máire Ní Chrualaoich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Ní Chrualaoich
Beathaisnéis
Bás1761
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

Is cuid suntas í an file Muimhneach Máire Ní Chrualaoich (fl. 1750) sa mhéid nach bhfuil aon dán léi ar marthain, cé go raibh ardmheas uirthi lena linn. Thugtaí “Sápphó na Mumhan” uirthi.[1]

Fuair sí bás in 1761. Níl de chuimhneachán uirthi ach trí dhán ghearra le Seán Ó Murchadha na Ráithíneach, Seán Ó Tuama an Ghrinn agus Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin faoi seach.[1] Mhol Tadhg Gaelach í mar a leanas:

Ní bás do fuair sí ach guaillíocht aingeal is ord,
Is fáil go suairc síoch i gcuan dín Athar na gcómhacht...

Mhol Seán Ó Murchadha mar seo í:

An Bláth is buacaí ghluais puinn eadrainn beo in Éirinn
Bás cé fuair sí, a huaisleacht mairfidh go deo déanach,
Sápphó sua-ghníomhach nduan mbinn, startha agus comhad i nGaeilge,
Máire shuairc Ní Chrualaoich, eala ‘gus óigh ‘s Phoenics.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Ní Dhonnchadha, Máirín (eag.), “Courts and Coteries II” in Angela Bourke (eag.), Field Day Anthology of Irish Writing IV: lgh 442-3. NYU Press, 2002.