Lumley v Wagner, 1852
Cineál | cás dlí | ||
---|---|---|---|
Cúirt | Court of Chancery (en) | ||
Cás cáiliúil i réimse Dlí na gConarthaí ba ea Lumley v Wagner, 1852 (64 ER 1209).[1]
Fostaíodh Mlle Johanna Wagner mar amhránaí san amharclann. Her Majesty's Theatre, Haymarket, Londain ar feadh tréimhse trí mhí. Shínigh an bainisteoir, Benjamin Lumley, conradh eisiach léi. Ach tairgeadh post di a raibh níos mó airgid ag dul leis; thairg an amharclann Covent Garden conradh tarraingteach.
Bhí Wagner ag iarraidh teacht salach ar an gconradh a bhí aici le Her Majesty's. Rinne an amharclann iarratas ar urghaire eatramhach in aghaidh Wagner. Dheonaigh an chúirt urghaire a chuir bac ar Wagner ach tugadh cead achomhairc.
Ar aon nós, ní raibh an gearánaí (anseo Lumley) i dteideal urghaire a fháil chun iallach a chur ar Wagner a bheith ag canadh de réir a briathair. Mar sin, chreid Wagner go raibh saor dul áit éigin eile agus nach raibh cead ag Lumley iallach a chur uirthi fanacht ina tost.
Phléigh an an t-achomharc an raibh deis ag gearánaí (anseo Lumley) bac a chur ar thaibheoir (anseo Wagner), trí urghaire, teacht salach ar an gconradh a bhí aici le bheith ag canadh thar ceann an ghearánaí.[2] Rialaigh an chúirt nach raibh cead ag Lumley dul ag ceol áit éigin eile.[3]
Tugadh an breithiúnas ar 26 Bealtaine 1852.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Lord Chancellor Lord St. Leonards. (26 May 1852). "Lumley v Wagner [1852 EWHC Ch J96]".
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Lumley v. Wagner". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ G.L. Clark (1917). "IMPLICATIONS OF LUMLEY V. WAGNER". Dáta rochtana: 2022.