Gairdín lusanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Luibhghairdín)

Bailiúchán plandaí beo, eagraithe de réir prionsabal geografach nó tacsanomaíoch de ghnáth, a choinnítear i gcomhair taighde eolaíoch, oideachais nó caitheamh aimsire. Saothraíodh gairdíní plandaí leighis is plandaí luachmhara sa tSín suas le 3,000 bliain ó shin, agus baineadh feidhm astu chun fásra coimhthíoch a thabhairt chun tíreachais. Bhunaigh na hAstacaigh is na hIncigh i Meiriceá, agus na Bablónaigh sa Mheánoirthear, gairdíní fairsinge de phlandaí áisiúla is áille. Sna mainistreacha a bhí luibhgairdíní Eorpacha ar dtús, dírithe ar luibheanna leighis is a bhfeidhmeanna. Bhí a leithéid ag na scoileanna míochaine sna hollscoileanna luatha ina dhiaidh sin. Bunaíodh an chéad ghairdín mar sin sna Stáit Aontaithe i St. Louis, Missouri i 1860.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Luibhghairdín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 422.