Lonesome George
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/75/Lonesome_george.jpg/220px-Lonesome_george.jpg)
Olltoirtís ab ea Lonesome George (nó El Solitario Jorge), as Páirc Náisiúnta Oileáin Galapagos (ar Oileán Pinta). Bhásaigh Lonesome George ar 24 Meitheamh 2012. Ba é an t-ainmhí ba theirce ar domhan é ag an am.[1] Measann daoine go raibh George tuairim is 100 bliain d’aois nuair a d'éag sé.
Is oileánra í an pháirc náisiúnta Galapagos agus bhí George ina shiombail di. Maireann orgánaigh ar leith inti nach mbíonn in áit ar bith eile ar domhan.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/22/Lonesome_George.jpg/220px-Lonesome_George.jpg)
Díothú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chomh fada agus is eol dúinn bhí George ar an toirtís deiridh dá chineál. Meastar go bhfuil an fospeiceas sin díothaithe anois.
Rinne eolaithe iarracht George a chúpláil le toirtís bhaineannacha a raibh garghaol acu leis. Cé gur rugadh uibheacha dóibh, bhí siad neamhthorthúil.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c1/Lonesome_George_%2843824245601%29.jpg/220px-Lonesome_George_%2843824245601%29.jpg)
Fíricí fánacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith David Attenborough a ochtódú breithlá ag scannánú olltoirtísí ar Oileáin Galápagos; ina measc bhí an olltoirtís, Lonesome George, a bhí thart ar an aois chéanna leis an taiscéalaí léannta.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Foras na Gaeilge (Fómhar 2013). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2020.