Loch Gile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Gile
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1166373 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54°15′N 8°22′W / 54.25°N 8.37°W / 54.25; -8.37
EisilteachAn Gharbhóg Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí2 (leithead) × 8 (fad) km

Is loch fionnuise i gCúige Chonnachta é Loch Gile[1] (Béarla: Lough Gill ). Tá mórchuid aige suite i gContae Shligigh, ach tá cuid bheag dá thaobh thoir suite i gContae Liatroma, in aice le Droim dhá Thiar. Is é Loch Gile, atá 8km ar fad agus 2km i leithead, foinse na Garbhóige. Tá ardmheas ag lucht fairtheoireachta éan ar thírdhreach álainn Loch Gile, agus ar na coillte is na cnoic mórthimpeall air, ní amháin de thoradh a n-áilleachta, ach as siocair speicis uathúla éan, ar nós na naoscaí, a bheith i láthair ann.[2]

Oileáin Loch Gile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá thart fá fiche oileán ar Loch Gile, ach is iad na cinn is mó ná

  • Inis Fraoigh
An t-oileán, suite gar do bhruach thoir-theas Loch Gile, a spreag William Butler Yeats leis an dán "The Lake Isle of Innisfree" a scríobh.[3]
  • Inis a' TeachínInis Bheezie[4][5]
Oileán beag ag a bhfuil achar 14 acra. Ar an oileán tá fothrach mainistreach[3] agus teachín ina raibh Beezie Clerkin (née Gallagher) ina cónaí go dtí go bhfuair sí bás sa bhliain 1949[5] Bhí Beezie Clerkin ar an áitritheoir deireanach oileán Loch Gile.
Is í Inis Mór an t-oileán is mó de chuid Loch Gile, agus tá ballóga eaglais ann a dhátaíonn ón séú haois.[3] Ba í Inis Mór an t-oileán a bhí i gceist ag William Butler Yeats sa dán "The Heart of Spring".[3]

Iascaireacht ar Loch Gile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iascaireacht an bhradáin í tromlach na hiascaireachta a bhíonn ar siúl ar Loch Gile, ach bíonn an breac rua i láthair fosta agus é líonmhár go leor. Cuirtear tús leis an séasúr oscailte do bhradán is do bhreac ar an chéad lá den athbhliain agus maireann sé sin go deireadh mhí an Mhárta. Tosaíonn séasúr an bhric rua ag tús mhí an Mhárta agus leanann sé ar aghaidh go deireadh Mheán an Fhómhair. Tá rochtain ag an phobal ar Loch Gile ón ché ag Inis Fraoigh, ón Achadh Mór agus ó Ché na Collchoile.

Cuireadh cosc iomlán ar iascaireacht an bhradáin ar Loch Gile sa bhliain 2007,[7] ach osclaíodh an loch do na hiascairí arís céim ar chéim agus tá cead ag an phobail dul i mbun iascaireachta arís, ach cloí le rialacha an bheartais gabhála agus scaoilte, agus Scéim Chlibeála Bradán Fiáin agus Breac Geal Fiáin.

Bíonn an t-eolas is deireanaí ar fáil ar shuíomh idirlíne Iascach Intíre Éireann.

Annála Loch Cé[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar cúpla tagairt do Loch Gile in Annála Loch Cé,[8] an sliocht seo a leanas ón bhliain 1244, mar shampla:

Ferghal Mac Tadhcadhain
do marbad la Conchobar Mac Tigernáin, a bfheall, a
nInis Fraich ar Loch Gile.

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Loch Gile/Lough Gill | logainm.ie". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Aisghafa 2023-06-22.
  2. "Suíomh Chairde Éanlaith Éireann". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-03-28. Dáta rochtana: 2011-06-13.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Kirby, Sheelah, The Yeats Country: a guide to places in the West of Ireland associated with the life and writings of William Butler Yeats (Dolmen Press le tacaíocht ó Bhord Fáilte Éireann, 1962)
  4. The Bushmills Irish Pub Guide le Sybil Taylor, 1994
  5. 5.0 5.1 "Sligozone.net". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-10-19. Dáta rochtana: 2011-05-16.
  6. Logainm.ie[nasc briste go buan]
  7. Castlebar News, December 2007
  8. CELT, ar ucc.ie