Liosta na mBoc Mór i dTríú Reich na Gearmáine
Cuma
Liosta na bPolaiteoirí, na nOifigeach Airm agus na mBoc Mór Eile sa Tríú Reich
Polaiteoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Martin Bormann, a bhí i gceannas ar Bhiúró an Pháirtí Naitsíoch
- Adolf Eichmann, a bhí freagrach as Rannóg na nGiúdach (Judenreferat) sa Reichssicherheitshauptamt ("Príomhúdarás Slándála an Reich")
- Hermann Göring, ceannasaí an Aerfhórsa, nó an Luftwaffe
- Rudolf Hess, fear ionaid Hitler ar rith leis eitilt go dtí an Ríocht Aontaithe.
- Reinhard Heydrich, gobharnóir Naitsíoch na Boihéime, mharaigh tírghráthóirí Seiceacha é.
- Heinrich Himmler, a stiúir an tUileloscadh
- Adolf Hitler, Seansailéir agus Führer na Gearmáine
- Ernst Röhm, a bhí i gceannas ar an SA go dtí gur maraíodh ar Oíche na Scian Mór é
- "Lutz" Schwerin von Krosigk a bhí ina Phríomh-Aire ar an rialtas sealadach i ndiaidh bhás Hitler
- Julius Streicher, eagarthóir na hirise frith-Ghiúdaí Der Stürmer
Oifigigh Airm
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Erwin Rommel, "Sionnach an Fhásaigh", ginearál a bhí ag troid i dTuaisceart na hAfraice
- Claus Schenk von Stauffenberg, a bhí i gceannas ar an gcomhcheilg in aghaidh Hitler