Jump to content

Lincse Eoráiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLincse Eoráiseach
Lynx lynx Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tréimhse iompair70 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhfhoinse biacoinín Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse saoil is faide23.7 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Gnáthógforaois agus caschoill Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál2 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN12519 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdCarnivora
FineFelidae
GéineasLynx
SpeiceasLynx lynx Cuir in eagar ar Wikidata
(L., 1758)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airFelis lynx Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Is ainmhí í an lincse Eoráiseach[1] (Lynx lynx). Is cat fiáin í. Mamach atá inti.

Lincsí in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

An lincse Éireannach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar go bhfuil ós cionn 1,300 bliain ann ó bhí an Lynx in Éirinn go deiridh. Tá fianaise seandálaiochta aimsithe - cnámha in uaimheanna - agus tá macalla láidir don gcat fiain le fáil i logainmneacha agus sa traidisiún scéalaíochta, áit a mbíonn cuntaisí ar chait allta agus iad ag cosaint liosanna agus uaimheanna faoi thalamh.[2]

An lincse Eoráiseach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athbhunaíodh an lincse i gCo Dhún na nGall le déanaí. Tá lucht caomhnaithe ag éileamh i gcónaí go ndéanfaí athbhunú in Éirinn ar an gcat fiáin ar mhaithe le smacht a choimeád ar líon na bhfianna. Glactar leis go forleathan go bhfuil díobháil mhór á dhéanamh ag fianna do choillte dúchasacha.[3]

Ach tá feirmeoirí go mór i gcoinne an bheartais, ar an mbonn go ndéanfadh an cat fiáin sin slad, dar leo, ar a gcuid beostoic. Dar leo nach ar fhianna amháin a mhairfeadh an Lynx, ach go bhféadfadh sé caoirigh agus ainmhithe feirme nach iad a lorg freisin dá bhéile.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. “Lynx lynx” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. "Lynx" (en-US). Wild Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-07. Dáta rochtana: 2022-12-07.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-12-07). "Lucht caomhnaithe ag éileamh an Lynx,feirmeoirí ina choinne" (as ga-IE).