Linaria vulgaris
Cuma
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Plantaginaceae |
Géineas | Linaria |
Speiceas | Linaria vulgaris Mill., 1768 |
Planda bliantúil nó ilbhliantúil atá dúchasach don leathsféar thuaidh, réigiún na Meánmhara den chuid is mó, is ea Linaria vulgaris. Tugtar buaflíon air,[1] ach tá an t-ainm seo in úsáid ar go leor speiceas eile sa ghéineas Linaria agus i ngéinis ghaolmhara.
Na duilleoga urchomhaireach, ailtéarnach nó bíseach. Meascáin éagsúla dathanna ar na bláthanna, go láidir siogamorfach. An feadán sporach déliopach, 3 mhaothán ar an liopa íochtarach, agus carball ag dúnadh an fheadáin ionas gur gá do phailneoirí na liopaí a oscailt chun teacht ar an neachtar a choinnítear sa spor.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Linaria vulgaris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-24.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Buaflíon". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 96.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |