Lily Allen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lily Allen
El Rey Theatre - Lily Allen 04 25 2018 -4 (28125957447).jpg
Saol
Ainm iomlánLily Rose Beatrice Allen
Eolas breitheHammersmith, 2 Bealtaine 1985 (37 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Áit chónaitheCotswolds
Notting Hill
Islington
Teanga dhúchaisan Béarla
Muintir
AthairKeith Allen
MáthairAlison Owen
Céile/CéilíSam Cooper (en) Aistrigh  (Meitheamh 11, 2011 -  2018)
David Harbour  (Meán Fómhair 7, 2020 -
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materBedales School (en) Aistrigh
Millfield Preparatory School (en) Aistrigh
Millfield (en) Aistrigh
Hill House International Junior School (en) Aistrigh
Mander Portman Woodward (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmamhránaí is scríbhneoir, aisteoir, aisteoir scannáin, láithreoir teilifíse, láithreoir, daonchara agus ealaíontóir taifeadta
FostóiríBBC
Ainmníodh é/í le haghaidh
[[Grammy Award for Best Alternative Music Album (en) ]]
(2007) : Alright, Still
Gluaiseacht ealaínepopcheol
grime (en) Aistrigh
synth-pop (en) Aistrigh
pop indie
ska
Cineál guthasoprán
Uirlis cheoilceol gutha
Lipéad ceoilLondon Recordings
Capitol Records
Regal Recordings
Warner Bros. Records
Parlophone
EMI
IMDbnm0020770
lilyallenmusic.com
Discogs ID554419
Models.comlily-allen
Instagramlilyallen
Twitterlilyallen
TikToklilyallen

Is aisteoir Sasanach í Lily Rose Beatrice Cooper (née Allen, a rugadh ar 2 Bealtaine 1985) nó Lily Allen. Is iníon le Keith Allen agus léiritheoir scannán Alison Owen í. D'fhág Allen scoil nuair a bhí sí 15 chun díriú ar fheabhsú a cuid scileanna ceoil agus cumadóireachta. In 2005, chuir sí taifeadtaí dá cuid suas go poiblí ar MySpace agus mar gheall ar an bpoiblíocht a tháinig as sin, craoladh a hamhráin ar BBC Radio 1 agus fuair sí conradh le Regal Recordings.

In 2009, d'fhógair Allen go mbeadh sí ag tógáil briseadh ó ghníomhaíochtaí ceoil. D'oscail sí siopa faisin in 2010 lena deirfiúr, Sarah, darb ainm Lucy in Disguise, agus in 2011 thosaigh sí a lipéad ceoil féin darb ainm In the Name Of.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Allen i Hammersmith, Iarthar Londan. Tá deirfiúr níos sine aici, Sarah; deartháir níos óige, Alfie Allen, (ábhar a hamhráin Alfie) agus deirfiúr níos óige, Rebecca. Tá cúpla leathshiblíní aici chomh maith. Is iníon bhaistí Angela McCluskey, amhránaí na Wild Colonials, í.

Ag aois a trí, bhí Allen ar eipeasóid de The Comic Strip Presents... a chomhscríobh a hathair. Nuair a raibh Allen ceithre bhliain d'aois, d'fhág a hathair an chlann. I rith a hóige, bhí cónaí ar Allen lena clann ar eastát chomhairle. Shocraigh siad níos déanaí i gceantar i Tuaisceart Londan darb ainm Islington. Ar feadh tamaillín chónaigh a clann leis an bhfear grinn Harry Enfield nuair a bhí a máthair ag siúl amach leis. Bhí amhránaí agus giotáraí an Clash, Joe Strummer, cairdiúil le hAllen. Tá cuimhneachán maith ag Allen ar an tseachtain go leith a chaith siad le chéile ag Féile Glastonbury.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Camchuairteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Still, Alright? (2007)
  • It's Not Me, It's You World Tour (2009–10)
  • Sheezus Tour (2014)

Scannánliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta de creidmheasanna teilfíse agus scánnán Lily Allen
Blian Teideal Ról Nótaí
1998 The Comic Strip Presents... Páiste i fógra "The Yob" (Séasúr 4, Epeasóid 4)
1998 Elizabeth Bhean i Feitheamh
2007 Saturday Night Live Aoi Ceolmhara (Í Féín) "Drew Barrymore/Lily Allen" (Séasúr 32, Epeasóid 12)
2008 Lily Allen and Friends Óstach (Í Féín) Clár Cainte
2009 Neighbours Í Féín Aoi Réalta, sobalchlár (Epeasóid amháin)
2011 Lily Allen: From Riches to Rags Í Féin Cláir Faisnéise Teilifíse

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]