Jump to content

Lichess

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinLichess
URLhttps://lichess.org Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsuíomh gréasáin, bogearra saor, online chess playing site (en) Aistrigh, comhphobal ar líne agus eagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
CeadúnasGNU Affero General Public License, version 3.0 or later (en) Aistrigh agus ceadúnas MIT Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga ríomhchlárúcháinScala, TypeScript, Sass, JavaScript, Java agus Python Cuir in eagar ar Wikidata
CruthaitheoirThibault Duplessis Cuir in eagar ar Wikidata
Forbróir gréasáinThibault Duplessis agus Niklas Fiekas Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhísMeitheamh 2010 Cuir in eagar ar Wikidata
Rangú Alexa1,277 (23 Bealtaine 2020)
2,525 (30 Samhain 2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Blag oifigiúilhttps://lichess.org/blog Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: lichessdotorg Twitter: lichess Mastodon: lichess@mastodon.online Instagram: lichessdotorg Telegram: lichessdotorg Youtube: UCr6RfQga70yMM9-nuzAYTsA TikTok: lichessdotorg Twitch: lichessdotorg Cuir in eagar ar Wikidata

Is freastalaí fichille Idirlín saor agus oscailte é Lichess[1] atá á reáchtáil ag eagraíocht neamhbhrabúis den ainm céanna. Is féidir le húsáideoirí an tsuímh fichille a imirt ar líne gan ainm agus cuntas a chlárú go roghnach chun cluichí rátáilte a imirt. Tá Lichess saor ó fhógraí agus tá na gnéithe go léir ar fáil saor in aisce, mar go bhfuil an suíomh maoinithe le síntiúis ó phátrúin.[2][3][4] I measc na ngnéithe tá puzail fichille, comórtais agus leaganacha fhichille.

Thibault Duplessis
Bunaitheoir Thibault Duplessis sa bhliain 2021

Bhunaigh an ríomhchláraitheoir Francach Thibault Duplessis Lichess sa bhliain 2010.[5][6] Boearraí saora agus foinse oscailte den chuid is mó a ritheann Lichess agus an dearadh faoi cheadúnas AGPT[7] agus ceadúnais eile saor in aisce agus neamhshaor.[8] Tagann an t-ainm Lichess ó “ live/light/libre and chess"” .[9]

Ar 11 Feabhra, 2015, eisíodh aip mhóibíleach oifigiúil Lichess le haghaidh gléasanna Android.[10] Eisíodh aip le haghaidh gléasanna móibíleacha ag rith iOS ar 4 Márta 2015.[11]

Ón 28 Aibreán, 2022, bhí rangú domhanda de 683 ag lichess.org ag Alexa, agus tháinig formhór a chuairteoirí ó na Stáit Aontaithe, ón India, agus ón tSín.[12] De réir Alexa, tá Lichess sa dara háit ar Chess.com mar cheann de na freastalaithe fichille idirlín is mó tóir ar domhan.[13]

I mí Aibreáin 2021, d’fhógair Cónaidhm Fhichille na Stát Aontaithe a fhormhuiniú oifigiúil ar mhodheolaíocht chothrom na féinne de chuid Lichess, a bhraitheann caimiléirí soiléire go huathoibríoch, bunaithe ar anailís ar an gcluiche.[14]

Seasamh deiridh den 'Arena', Márta 2021
  1. How do you pronounce Lichess?”. Lichess.org. Dáta rochtana: 2018-10-07.
  2. Why is lichess free?”. Lichess.org (2 July 2014). Dáta rochtana: Jul 2, 2014.
  3. Lichess Features”. Lichess.org. Dáta rochtana: 5 December 2016.
  4. Become a Patron of lichess.org”. Lichess. Dáta rochtana: 22 November 2017. “We are a non‑profit association because we believe in a free, world-class chess experience for anyone, anywhere. We rely on support from [lichess users] to make it possible. If you've gotten something out of lichess, please take a second to pitch in!”
  5. Gravagna (15 December 2017). “Carnet d'échecs” (fr). Libération.
  6. About lichess.org • lichess.org”. lichess.org. Dáta rochtana: 2020-07-23.
  7. Duplessis. “LICENSE”. GitHub. Dáta rochtana: 25 October 2016.
  8. lila/COPYING.md at master · ornicar/lila · GitHub
  9. Why is Lichess called Lichess?”. Lichess.org. Dáta rochtana: 5 March 2023.
  10. Android apps in Google Play”. Dáta rochtana: 21 February 2016.
  11. lichess – Free Online Chess in the App Store”. iTunes. Dáta rochtana: 21 February 2016.
  12. lichess.org Site Overview”. Alexa Internet. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 May 2019. Dáta rochtana: 28 April 2022.
  13. Chess Links and Websites”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 January 2021. Dáta rochtana: 7 October 2018.
  14. Lucas (2021-04-01). “US Chess Endorses LiChess Fair Play Methodology” (en). US Chess.org. Dáta rochtana: 2021-05-06.