Licín neamh-idirmhalartach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léiriú ar licín neamh-idirmhalartach ginte ag smart contract (ríomhchlár atá deartha chun téarmaí conartha a fhorghníomhú go huathoibríoch)

Aitheantóir digiteach uathúil is ea licín neamh-idirmhalartach (LNI), (Béarla: non-fungible token (NFT) nach féidir a chóipeáil, a ionadú nó a fhoroinnt, a thaifeadtar i mblocshlabhra, agus a úsáidtear chun barántúlacht agus úinéireacht a dheimhniú.[1] Taifeadtar úinéireacht an LNI sa bhlocshlabhra agus is féidir leis an úinéir é a aistriú, rud a ligeann do LNIanna a dhíol agus a thrádáil. Is féidir le duine ar bith LNIanna a chruthú, gan nó le beagán scileanna códaithe.[2] Is iondúil go mbíonn tagairtí do chomhaid dhigiteacha ar nós grianghraif, físeáin agus fuaime ar fáil in LNIanna. Toisc gur sócmhainní inaitheanta uathúla iad LNIanna, tá siad difriúil ó chriptea-airgeadraí, atá idirmhalartach .

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Definition of NFT”.
  2. How to Create an NFT – Simply Explained” (en-US). Eduwab (May 19, 2022). Dáta rochtana: June 3, 2022.