Jump to content

Liam Ó Maonlaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Liam O'Maonlai)
Infotaula de personaLiam Ó Maonlaí

(2007) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Samhain 1964
61 bliana d'aois
Baile na Manach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Eoin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, cumadóir amhrán, amhránaí, pianódóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1985 
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
UirlisCeol gutha, feadóg stáin, bodhrán agus pianó
Teaghlach
SiblínColm Ó Maonlaí

Suíomh gréasáinliamomaonlai.ie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0641806 TMDB.org: 3990580
Musicbrainz: c94fd4a2-4e15-4240-977b-87610626fb0a Songkick: 715379 Discogs: 269546 Allmusic: mn0000272297 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí, ceoltóir, péintéir, scríbhneoir liricí agus aisteoir é Liam Ó Maonlaí. Saolaíodh Liam Ó Maonlaí ar an 7 Samhain 1964 i mBaile Átha Cliath, Éire.

Tá sé mar bhall den bhanna ceoil na Hothouse Flowers, grúpa a bhunaigh sé lena chomhscoláire Fiachra Ó Braonáin. D’fhreastail sé Scoil Lorcáin agus Coláiste Eoin, scoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.

D'eisigh Ó Maonlaí a chéad albam aonair, dar teideal ‘Rian’, sa bhliain 2006. Rian Records a d'eisigh agus tá na hamhráin go léir as Gaeilge.

Chan Ó Maonlaí an t-amhrán ‘Cathain’ le tionlacan ceoil ó Dónal Lunny agus tá sé ar fáil ar an albam ‘The Best of Dónal Lunny.’ Scríobh an t-amhránaí Rónán Ó Snodaigh na liricí le haghaidh ‘Cathain.’

Is cainteoir Gaeilge agus Béarla é.

Rian
  • Avanyu Intro
  • Ár nAthair
  • Sadbh Ní Bhruinnealadh
  • An Buachaill Bán
  • Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte
  • The Old Bush
  • Iníon an Fhaoit ón nGleann
  • Seoladh na nGamhna
  • Na Connerys
  • Reels
  • Ag Críost an Síol
  • Tom Billy's Jig
  • Avanyu Intro (Reprise)
  • The Rainy Day

Caroline Dale (Dordveidhlín), Liam Ó Maonlaí (Druma), Liam Ó Maonlaí (Méarchlár), Liam Ó Maonlaí (Amhránaí), Liam Ó Maonlaí (Feadóg Stáin), Liam Ó Maonlaí (Léiritheoir), Liam Ó Maonlaí (Obair Ealaíne).

Chuaigh Ó Maonlaí i mbun comhoibrithe le hAmano agus Kalabanx agus iad ag cruthú a nEP THREAD, a eisíodh in 2024.[1] Tá sé le cloisteáil ar na rianta leighis agus HEART.

  • Timbuktu (2004) - Conor
  • I Could Read the Sky (1999) - Joe
  • "Saturday Night Live" - Eipeasóid #16.2 (1990) Eipeasóid Teilifíse (mar na Hothouse Flowers)

Rudaí fánacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chan sé an t-amhrán The Parting Glass le haghaidh fuaimrian an scannán Waking Ned (1998).

Is deartháir é leis an aisteoir Colm Ó Maonlaí agus is mac é leis an aisteoir Eithne Lydon.

Naisc sheachtracha - ceol

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha - idirlín

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Amano" (en). amanoanseo.com. Dáta rochtana: 2024-08-12.