Seiriceán
Cuma
(Athsheolta ó Leamhan seiriceáin)
Bombyx mori | |
---|---|
iomágó | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | síoda, pat silk (en) agus silkworm egg (en) |
Óstach | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Lepidoptera |
Fine | Bombycidae |
Géineas | Bombyx |
Speiceas | Bombyx mori L. f., 1758 |
Larbha an leamhan síoda (Bombyx mori) is ea an seiriceán.[1] Sníomhann sé an cocún síoda a ndíorthaítear síoda tráchtála uaidh. Itheann na larbhaí duilleoga maoildeirge. Chun an síoda a dhéanamh, bogtar an cocún le huisce agus díchornaítear é go meicniúil. Is féidir suas le 3 km de shnáithín síoda a fháil as. Ní bhfaightear an leamhan síoda ceansaithe sna réigiúin fhiáine sa nádúr a thuilleadh.[2] Tugtar leamhan seiriceáin ar an leamhan fásta.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““seiriceán” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-27.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seiriceán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 592.
- ↑ ““Bombyx mori” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-27.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |