Leaca oighir Mharsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ar an 29ú lá de Mhí Iúil, 2005, tháinig an tuairisc ón mBBC go rabhthas tar éis "loch leacoighir" infheicthe a shonrú i gcráitéar i réigiún an phoil thuaidh ar Mhars. Na grianghrafanna den chráitéar a tógadh le ceamara steiréascópach ardtaifigh a bhí á iompar ag an spásárthach Mars Express de chuid údarás spás na hEorpa, taispeánann siad go soiléir leac leathan oighir i dtóin cráitéir gan ainm agus é suite ar an machaire timpeall ar an bpol thuaidh, is é sin, Vastitas Borealis. Is é an suíomh cruinn atá ag an gcráitéar ná seachtó céim go leith den leithne thuaisceartach agus céad agus trí chéim den fhad oirthearach. Tá an cráitéar féin tríocha cúig chiliméadar ar trastomhas agus dhá chiliméadar, a bheag nó a mhór, ar doimhneacht.

De réir an chéad aithne, tá droim na leice oighir thart ar dhá chéad méadar níos airde ná bun an chráitéir féin. Deir saineolaithe an ESA gur gaineamh is cúis leis an gcuid is mó den difríocht airde seo, agus cuid mhaith den ghaineamh sin le feiceáil, fiú. Cé gur fearr leis na heolaithe gan an focal sin loch a úsáid agus iad ag tagairt don leac oighir áirithe seo, ábhar suntais is ea é i gcónaí teacht ar a leithéid de phaiste d'oighear uisce, agus é le feiceáil ó thús go deireadh na bliana. Is iomaí áit ar Mhars inar thángthas trasna ar shil-leaganacha uisce agus ar shraitheanna oighir.