Leabhar Deathan Lios Mòir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Deathan Lios Mòir

Dhá fhacsamhail agus iad curtha i gcló ag William Forbes Skene in 1862; tá línte as saothar Chuntaois Earra-Ghàidheal thíos agus ginealach de chuid mhuintir MhicGriogair thuas. Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata

Lámhscríbhinn chlúiteach Albanach is ea Leabhar Deathan Lios Mòir (Gaeilge na hÉireann: Leabhar Dhéan Leasa Mhóir). Cuireadh le chéile é in oirthear Shiorrachd Pheairt sa chéad chuid den 16ú haois. Ba é an príomhtheaglamaí Seumas MacGriogair, biocáire Fhartairchille agus Déan teidealach Ardeaglais Lios Mhòir, cé gur dócha go raibh scríobhaithe eile ann. Orthu sin bhí a dheartháir Donnchadh[1] agus Uileam Druimeanach, sagart cúnta Fhartairchille.

Tá an chuid is mó de scríofa i “bpeannaireacht rúnaíochta” na hAlban,[1] seachas i bpeannaireacht Ghaelach “chorrlitreach” na hÉireann. Baintear feidhm as an litriú céanna a úsáideadh chun an Albainis a scríobh, mar ba ghnách agus Gaeilge na hAlban á scríobh sna Meánaoiseanna Déanacha.

Tá an chuid is mó den lámhscríbhinn i nGaeilge ach tá a lán teangacha eile ann. Tá roinnt mhaith téacsanna ann atá scríofa in Albainis agus i Laidin, agus sleachta as saothar William Dunbar agus Robert Henryson ina measc, agus tá lorg an débhéascna ar an lámhscríbhinn. Baineann cuid mhór de na téacsanna Gaeilge le hÉirinn, agus inti siúd a cumadh ceithre cinn is daichead de na dánta atá i nGaeilge na scol, le hais dán is fiche dá leithéid as Albain.

Is cosúil gurbh iad Caimbéalaigh Ghleann Urchaidh pátrúin na lámhscríbhinne, agus tá filíocht inti a scríobh Donnchadh Caimbeul as Gleann Urchaidh. Tá an lámhscribhinn le fáil i Leabharlann Náisiúnta na hAlban mar Adv. 72.1.37.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 The Edinburgh Companion to the Gaelic Language, Edinburgh University Press, 2010, p 14

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Meek, Donald E., "The Scots-Gaelic Scribes of Late Medieval Perthshire: An Overview of the Orthography and Contents of the Book of the Dean of Lismore", in Janet Hadley Williams (eag.), Stewart Style, 1513-1542: Essays on the Court of James V, (East Linton, 1996), lgh 254-72

Leabhair eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Quiggin, E. C. (eag.), Poems from the Book of the Dean of Lismore, (Cambridge, 1937)
  • Ross, Neil (eag.), Heroic Poetry from the Book of the Dean of Lismore, Scottish Gaelic Texts Society, (Dún Éideann, 1939)
  • Watson, William J. (eag.), Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore, Scottish Gaelic Texts Society, (Dún Éideann, 1937)
  • Watson, William J., "Vernacular Gaelic in the Book of the Dean of Lismore", Transactions of the Gaelic Society of Inverness, vol. 31 (1927)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]