Leaba iomartha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leaba iomartha nó roillic ar bhád rámhaíochta
Leaba iomartha a úsáidtear le haghaidh spóirt rámhaíochta

Snaidhmeán is ea leaba iomartharoillic a ghreamaíonn maide rámha ar bhád. Nuair a dhéantar rámhaíocht ar bhád, feidhmíonn an leaba iomartha mar bhuthal, agus é sin á dhéanamh aici, aistrítear an fórsa tiomána a dhéanann an rámhaí ar an uisce leis an maide rámha chuig an mbád ag fórsa an tsá a chuirtear i bhfeidhm ar an leaba iomartha.

Maidir leis an ngnáth-árthach rámhaíochta, bíonn na leapacha iomartha ceangailte leis na gunailí. Le linn spórt na rámhaíochta bíonn na leapacha iomartha ceangailte leis na rigíní seachtracha (ar a dtugtar seach-chabhlacha freisin), a ghobann amach ón mbád, agus a chuireann luamhán níos mó ar fáil. I rámhaíocht spóirt, is gnách go mbíonn na leapacha iomartha U-chruthach, agus iad ceangailte le biorán ingearach a cheadaíonn don leaba iomartha casadh timpeall an bhioráin le linn an buille rámhaíochta. Chomh maith leis sin, bíonn meicníocht ghlasála acu (ar a dtugtar "an geata") ar fud bharr an "U", chun cosc a chur ar an mhaide rámha bualadh isteach go neamhdheonach as an leaba iomartha.

Ar dtús, ba dhá chuaille adhmaid nó cnoga dola iad na leapacha iomartha, ar a raibh feac an rámhana neadaithe eatarthu. Is féidir úsáid a bhaint as cuaille adhmaid aonair nuair a bhíonn poill gearrtha isteach sa luan a shuíonn thart/timpeall ar an gcuaille adhmaid. (Captaen Dennis Robinson FNI, mairnéalach den chéad scoth)

Rámhaíocht spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Araltas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]