Leaba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leaba in óstán.

Troscán chun dul a chodladh ann nó chun luí air is ea an leaba. Bíonn siad fada agus fairsing le bheith oiriúnach do dhuine fásta síneadh amach ar bharr an leaba. Bíonn tocht ar leaba mar chlúdach bog ionas gur féidir le duine luí go sóúil. Cuirtear braillíní ar an dtocht, agus bíonn adhairteanna ann chun ligean do dhaoine a gceanna a luí orthu. Anuas orthu sin, leagtar pluideanna chun daoine a choimeád te fad is atá siad ina gcodladh. Bíonn clár cinn ag barr an leaba. Go minic bíonn sé déanta d'ábhar bog ionas nach gortóidh daoine a gceanna fad is atá siad ag luí sa leaba.

Is féidir leapacha a fháil do dhuine aonair nó do bheirt nó níos mó. Cliabhán a ghlaoitear ar leaba do leanbh. Is féidir dhá leaba a nascadh le chéile chun leaba mór amháin a dhéanamh. Tá leapacha ann ina bhfuil inneall iontu chun ceann agus bun an leaba a ardú, ionas gur féidir le daoine léamh nó ithe sa leaba.

Is sa leaba a tharlaíonn comhriachtain de ghnáth.