La Mama Theatre (Melbourne)
La Mama Theatre | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Amharclann | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1967 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Cathair Melbourne, Victoria | |||
Suíomh | 205–207 Faraday Street, Carlton VIC 3053 | |||
| ||||
Listed on the Victorian Heritage Register (en) | ||||
Am | 19 Nollaig 2002 | |||
Aitheantóir | H1991 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | lamama.com.au | |||
Amharclann bheag is ea La Mama Theatre a bhfuil an-tábhacht léi i gcúrsaí drámaíochta san Astráil. Tá sí le fáil ag 205 Faraday St, Carlton (fo-bhaile de chuid Melbourne), Victoria. Cuireadh ar bun í ar 30 Iúil 1967 agus ó shin i leith tá sí ag léiriú drámaí nua neamhghnácha.
Betty Burstall a bhunaigh La Mama. Chuaigh sí féin agus a fear céile Tim Burstall go dtí Nua-Eabhrac sna seascaidí agus chuaigh an La MaMa Experimental Theatre Club i bhfeidhm go mór uirthi. Áit í a ligfeadh isteach ar chaoga ceint thú, áit a bhfeicfeá drámaí nua neamhfhoirmiúla idir mhaith agus olc. Bhí ardú meanman ag baint leis an obair ach ní raibh a leithéid le fáil in Melbourne.
Chuaigh Betty chun cainte le lucht áitiúil drámaíochta faoi dhrámaí Astrálacha a léiriú ar bheagán costais agus shocraigh ar Carlton toisc gur cheantar beoga neamhghalánta lán de mhic léinn é agus rian an chultúir Iodálaigh air. Fuair sí foirgneamh dhá urlár a tógadh sa bhliain 1883 do Anthony Reuben Ford, clódóir, áit ilfheidhmiúil ar baineadh feidhm as ina dhiaidh sin mar mhonarcha buaitaisí, ceárta innealtóireachta leictrí agus monarcha fo-éadaí síoda. Anois tá sé liostáilte ar Chlár Oidhreachta Victoria.[1]
Tionscadal gan bhrabach ba ea La Mama agus fáilte aige roimh dhrámaí úra trialacha. Is beag dráma Astrálach a bhí á léiriú ag an am, agus ba é an chéad cheann a bhí le feiceáil ann Three Old Friends (1967), dráma le Jack Hibberd. Léiríodh an dráma ba mhó clú dá chuid, Dimboola, ann sa bhliain 1969.
D’eascair drámaíocht shainiúil Astrálach ó La Mama – drámaíocht a bhí fuinniúil, greannmhar, borb féin. Ní drámaí amháin a bhí ar siúl ann, ach saothair nua le cumadóirí, filí agus lucht scannánaíochta chomh maith. Tháinig daoine éirimiúla a d’fhágfadh a lorg ar a lán ealaíon san Astráil – drámadóirí, aisteoirí, stiúrthóirí, teicneoirí, ceoltóirí, lucht déanta scannán, filí, lucht grinn. Orthu bhí John Duigan, David Williamson, Barry Dickins, John Romeril, Judith Lucy agus Richard Frankland.[2]
Dóiteán agus atógáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 19 Bealtaine 2018 rinne dóiteán an-dochar do La Mama.[3] Táthar chun é a atógáil faoin mbliain 2021. Beidh an chuma chéanna ar an seanfhoirgneamh agus tógfar foirgneamh os a chomhair amach. Ní bheidh athrú ar an spás léirithe ná ar na sain-nithe a bhaineann leis (an staighre istigh, an chomhla agus an tinteán). Beidh an fhoireann riaracháin ag obair in áit ar leith.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Jones, Liz le Betty Burstall agus Helen Garner, La Mama: History of a Theatre. Penguin Books Australia, 1988
- Robertson, Tim, The Pram Factory: The Australian Performing Group Recollected. Melbourne University Press, 2001