Jump to content

Lúibín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Séanra CeoilLúibín
Teangaan Ghaeilge
BunúsÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deamhránaíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is lúibín ann ná cineál traidisiúnta amhránaíochta Gaeilge agus magaidh a chantar siar is aniar idir beirt. Is féidir é a chur i gcomparáid leis an agallamh beirte. Eagraítear comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ag comórtais Oireachtas na Gaeilge. Tá traidisiún láidir lúibíní i gCúil Aodha in Iarthar Chorcaí.

Cantar na véarsaí­ sa lúibín agus is é an fonn a bhíonn leis de ghnáth ná port (jig) traidisiúnta. Bíonn portaireacht le focail raiméise (á gcanadh ag an mbeirt le chéile) mar churfá i ndiaidh gach véarsa agus is iondúil go dtugtar an lí­ne dheiridh nó an dá lí­ne dheiridh den véarsa a ghabhann roimis, isteach sa churfá. Bíonn ceithre lí­ne nó ocht lí­ne de ghnáth sna véarsaí­ sa lúibín. Ó véarsa go véarsa bíonn an bheirt ag freagairt a chéile agus ag sárú ar a chéile. Tá bua na dea-chainte agus cumas maith rannaireachta an-tábhachtach san ealaí­n seo.

Gnéithe a bhíonn ag baint leis na píosaí go minic

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • coimhlint/contrárthacht idir na páirtithe
  • saibhreas teanga
  • foinn áirithe a oireann don lúibín – foinn rithimiúla agus poirt a úsáidtear den chuid is mó
  • bíonn an greann neamhurchóideach go minic – is fearr a bheith ag spochadh as carachtar/fíordhuine agus gan dul i muinín na gáirsiúlachta más féidir.
  • ní gá go mbeadh téama/duine/scéal nuachta tráthúil i gceist ach is minic a bhíonn seo i gceist. Moltar téamaí uilíocha a roghnú.
  • struchtúr/cruth an amhráin – ag deireadh gach véarsa canann an bheirt an phortaíocht béil le chéile (na fox-di-idle-dees) agus canann an té a chan an véarsa an líne dheireanach – ní hé go mbeadh véarsa/curfá i gceist.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]