Líoma (toradh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Líoma

Is toradh é an líoma. Ceann de na torthaí citris atá ann, ach is ar éigean is féidir a rá gurb ionann iad mar chineál na saothróga éagsúla a dtugtar líomaí orthu sa ghnáthchaint. Go bunúsach, is líoma é an toradh citris a bhfuil dath glas air agus blas searbh ann, agus é 3-6 ceintiméadar ar trastomhas. Úsáidtear líomaí mar spíosra: go tipiciúil cuirtear sliseoga líoma le manglaim alcólacha.