Lámhach Bhaile na Saileán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLámhach Bhaile na Saileán
Cineálionsaí lámhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1978 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna4 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coirean Aersheirbhís Speisialta Cuir in eagar ar Wikidata


Baile na Saileán

Tharla lámhach Bhaile na Saileán (Ballysillan) ar 21 Meitheamh 1978, nuair a scaoil an SAS[1] triúr as an IRA i mBaile na Saileán,[2] Béal Feirste. Scaoileadh Denis Brown, William Mailey agus John Mulvenna. Bhí siad ag iarraidh gairis loiscneach a chur in iosta, cuid den oifig an phoist, suite i gceantar Dílseach, i lár na hoíche nuair a lámhachadh iad. Bhí an triúr neamharmtha.[3][4]

suaitheantas SAS

Chuir sceithire na fórsaí slándála ar an eolas go raibh plean ann buamáil a chur san iosta agus rugadh ar an triúr i luíochán, is cosúil.

Scaoileadh marbh fear eile, William Hanna. san áit mhícheart ag an am mícheart (agus ball den UVF de sheans). Bhí sé ag siúl abhailre ón teach tábhairne nuair a scaoileadh é i bpáirc. Chuaigh cara leis i bhfolach i sceach. Gortaíodh fear eile a bhí ag seicphointe bóthair.[3]

Chaith an SAS 111 urchar in iomlán san eachtra (nó 170+ dar leis An Phoblacht[5]).

Ní dhearnadh fiosrúchán maidir leis an eachtra ar dtús ach reáchtáladh ceann sa bhliain 1980.[3][6][7]

Sa bhliain 2018, rinneadh loitiméireacht ar chuimhneachán.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Special Air Service" (as en) (2021-06-21). Wikipedia. 
  2. "Baile na Saileán/Ballysillan" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-06-21.
  3. 3.0 3.1 3.2 Mark Urban (1992). "Big Boys’ Rules: The SAS and the Secret Struggle against the IRA". Dáta rochtana: 2021.[nasc briste go buan]
  4. Roy Reed Special to The New York Times (1978-06-22). "Soldiers Ambush and Kill 3 Men Trying to Plant Bombs in Belfast" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2021-06-21.
  5. "``A terrible atrocity | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2021-06-21.
  6. 'While inaccurate information on whether the terrorists were armed might have been released accidentally, other elements of the version given to the press were deliberately misleading according to an Army officer then serving at Lisburn who was fully briefed on the operation.', Mark Urban (1992)
  7. Irish News (2000-06-22). "Families start hunt for truth of SAS killings" (en-US). Madden & Finucane Solicitors. Dáta rochtana: 2021-06-21.
  8. "Anger after 'appalling' attack on Belfast memorial to civilian killed in Troubles crossfire" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2021-06-21.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]