Krone na hIorua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AirgeadKrone na hIorua

Cuir in eagar ar Wikidata
Críocha infheidhme
an Iorua ( - ) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Cód ISO 4217NOK
Giorrúchán nó siombailkr, kr agus kr
Banc ceannaisNorges Bank (en) Aistrigh
Ráta malairte
0.094 dollair na Stát Aontaithe (9 Aibreán 2024)
0.086 euro (9 Aibreán 2024)
0.99 krona na Sualainne (9 Aibreán 2024)
0.64 krone na Danmhairge (9 Aibreán 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht

1875- 

Tuilleadh eolais
ID wurvoc.orgNorwegian_krone

Is é krone na hIorua (as Ioruais: norsk krone, siombail: kr, cód ISO: NOK), a fhoroinntear i 100 øre, airgeadra na hIorua.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh isteach an krone sa Iorua in 1875, agus tháinig sé in áit an speciedaler.

Boinn agus nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceithre bhonn agus cúig nóta i gcúrsaíocht.[1]

Na boinn:

  • 1 krone. Tá monagram Harald V aige ar éadan, agus tá éan aige ar chúl.
  • 5 kroner. Tá Ord Naomh Olav aige ar éadan, agus tá duille acantais aige ar chúl.
  • 10 kroner. Tá Harald V aige ar éadan, agus tá díon eaglais stéibh aige ar chúl
  • 20 kroner. Tá Harald V aige ar éadan, agus tá long lachlannach aige ar chúl.

Na nótaí:

  • 50 kroner. Tá sé glas leis an teach solais Utvær ar éadan, agus le rábhchán teach solais stílithe ar chúl.
  • 100 kroner. Tá sé dearg leis an long lochlannach Gokstad ar éadan, agus le long choimeádán stílithe agus an Bodach ar chúl.
  • 200 kroner. Tá sé gorm le trosc ar éadan, agus le bád iascaigh stílithe ar chúl.
  • 500 kroner. Tá sé oráiste leis an long tarrthála "RS 14 Stavanger" ar éadan, agus le ardán ola stílithe ar chúl.
  • 1000 kroner. Tá sé corcra le tonn ar éadan, agus le fíor na spéire stílithe ar chúl.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]