Is cathair í Kragujevac (Gaeilge: Cragúiéavats) ina bhfuil 211,580 daoine ina gcónaí ann agus í mar an cheathrú cathair is mó i Seirbia. Tá suite sa Dúiche Šumadijskog agus í mar lárionaid riaracháin an dúiche. Tá sí suite ar abhainn Lepenica. Ó 1818 go 1842 bhí sí mar phríomhchathair Seirbia agus lean lonnú Parlaimint Seirbia sa chathair go dtí an bhliain 1878. I gCragúiéavats a tógadh céad amharclann Seirbia (1835), an chéad meánscoil sa tír (1833) agus an chéad ollscoil (1836). Chomh maith leis sin, bhí an chéad cúirt, an chéad dáil, an chéad chrannchur, an chéad cógaslann, agus an chéad club sacair sa tír ("Šumadija" sa bhliain 1903). Go dtí an bhliain 1945 bhí sí mar lárionad tionscadal an airm i Seirbia. Tá cáil ar an áit de bharr tragóid a tharla ar 21 Deireadh Fómhair nuair a mharaigh na Naitsithe thart ar 7,000 daoine, 300 acu a bhí mar daltaí meánscoil Cragúiéavats. I rith ré an Iúgaslaive bhí cáil air de bharr an mhonarchan gluaisteáin Zastava (inniu faoi úinéireacht FIAT) agus do kajmak (sé sin uachtar téachta) Cragúiéavats.
Is síol faoi thíreolaíocht Seirbia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.