Kirsten Sheridan
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Iúil 1976 48 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, scríbhneoir scripte, stiúrthóir scannán, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1995 – |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Teaghlach | |
Athair | Jim Sheridan |
Is stiúrthóir scannán, scríbhneoir scáileáin agus aisteoir Éireannach í Kirsten Sheridan. Rugadh í i mBaile Átha Cliath, Éire i 1976 agus is iníon í leis an drámadóir, stiúrthóir agus scríbhneoir scáileáin iomráiteach Jim Sheridan.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Sheridan a gairm bheatha mar aisteoir, i roinnt scannán agus seónna teilifíse Éireannacha agus Briotanacha sular aistrigh sí go stiúrthóireacht.
Rinne sí staidéar ar Léiriú Teilifíse Scannán sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sular bhain sí Dioplóma i Léiriú Scannán i gColáiste Ealaíne Deartha Dhún Laoghaire, scoil náisiúnta scannán na hÉireann.
Tháinig 'Disco Pigs' amach sa bhliain 2001, a taispeánadh don chéad uair ag Féile Scannán Sundance agus a fuair moladh ó na léirmheastóirí...[1] Bhí Cillian Murphy agus Elaine Cassidy na réalta sa scannán agus bhí sé bunaithe ar an dráma den ainm céanna a scríobh athair Sheridan.
Eisíodh an chéad scannán eile de chuid Sheridan, "August Rush," i 2007 agus bhí Freddie Highmore agus Keri Russell ina réalta ann. D’éirigh go maith leis an scannán ó thaobh tráchtála de. Insíonn sé scéal buachaill óg dílleachta a bhfuil tallann ceoil aige.
I 2011, stiúir Sheridan an dráma scannán "Dollhouse," a raibh Eileen Walsh agus Aidan Kelly ina réalta.
Stiúir sú eipeasóid den tsraith theilifíse "Penny Dreadful" agus "Vikings."
In 2020, stiúir Sheridan an scannán "Dream Horse,".
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Disco Pigs" (as en) (2023-02-07). Wikipedia.