Jump to content

Ardchros Chill Ghobáin

(Athsheolta ó Kilgobbin cross)
Ardchros Chill Ghobáin
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálArdchros Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 15′ 23″ N, 6° 13′ 04″ O / 53.2565°N,6.2178°W / 53.2565; -6.2178

Ardchros agus Séadchomhartha Náisiúnta suite i gContae Bhaile Átha Cliath is ea Ardchros Chill Ghobáin.

Tá Ardchros Chill Ghobáin suite ar Lána Chill Ghobáin, Cois na Céime, timpeall 450 m (490 slat) siar ó thuaidh ó lár bhaile An Chéim.

Tagann ainm Chill Ghobáin[1] ó Naomh Gobán, a bhfuil an chuma air go raibh go leor díobh in Éirinn (tá mearbhall ar na cuntais naomhsheanchais). Creidtear gur tógadh an chros sa 10ú haois AD mar gheall ar an bpictiúr d'Íosa agus clóca fada air. Rinneadh adhlacadh ar an chros sa reilig agus thángthas uirthi c. 1800.[2]

Tá an chros déanta as eibhear agus seasann sé 2.4 m (7.9 tr) in airde. Is cros Cheilteach í agus tá taobh amháin briste. Léiríonn an aghaidh thoir Céasadh Íosa, agus Íosa ag caitheamh róba fada. Go neamhghnách, tá bullán suite i mbonn na croise.[3]

  1. Cill Ghobáin / Kilgobbin”. logainm.ie. Irish Placenames Commission. Dáta rochtana: 6 Aibreán 2019.
  2. Kilgobbin Church”. edmooneyphotography (1 Iúil 2013).
  3. High Cross Kilgobbin”. megalithicireland.com. Dáta rochtana: 6 Aibreán 2019.